Fógra Sealadach 'Ná Snámh' eisithe don Trá Mhín, Port Mearnóg

Tabhair le fios le do thoil go bhfuil Fógra Toirmisc sealadach “Ná Snámh” curtha suas ag An Trá Mhín, Port Mearnóg le haghaidh 3 lá mar gheall ar ró-shreabhadh uisce stoirme ag stáisiún caidéalaithe tar éis titim trom báistí go háitiúil.

Bathing Prohibition Notice Portmarnock 23-07-2023.jpg

Tabhair le fios le do thoil go bhfuil Fógra Toirmisc sealadach “Ná Snámh” curtha suas ag An Trá Mhín, Port Mearnóg le haghaidh 3 lá mar gheall ar an mbaol go dtiocfaidh meath ar cháilíocht uisce de bharr ró-shreabhadh uisce stoirme ag stáisiún caidéalaithe tar éis titim trom báistí go háitiúil.  Tógfar sampla uisce farraige agus déanfar athbhreithniú ar an bhfógra Ná Snámh.

Tá an trá fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.

Léigh na Ceisteanna Coitianta maidir le Monatóireacht ar Cháilíocht Uisce Snámha anseo

 

e haghaidh tuilleadh faisnéise ar thránna agus uisce snámha féach Tránna agus Uisce Snámha

Chun eolas a fháil ar Ghardaí Tarrthála ns seachtaine seo féach Soláthar Gardaí Tarrthála