Stephenstown Link

Local Economic Development

Discover More
Fingal LCDC 2

Coiste Forbartha Pobail Áitiúil LCDL Fhine Gall

Tá Coiste Forbartha Pobail Áitiúil LCDL Fhine Gall freagrach as comhordúchán, pleanáil agus maoirseacht a dhéanamh ar thionscnaimh forbartha áitiúil, lena n-áirítear feidhmiú  Phlean Áitiúil Geilleagrach & Pobail (LECP). Tá réimse leathan ionadaíochta ag na 19 comhalta, ionadaithe ó ghnó, forbairt aitiúil,  oideachas, fiontraíocht, talmhaíocht, an earnáil dheonach agus baill údaráis aitiúil. 

leader 34

LEADER Ceantar tuaithe Bhaile Átha Cliath

Le linn 2018, lean  Clár LEADER Fhine Gall le cistiú tograí incháilithe sna limistéir riaracháin   Fhine Gall, Dún Laoghaire Ráth Dúin agus Baile Átha Cliath Theas. Ceadaígh an  Grúpa Gníomhaíochta Tuaithe Bhaile Átha Cliath 27 togra in 2018. Seo miondealú na tograí a ceadaíodh i rith na bliana  de réir cheantair thíreolaíocha: 16 i bhFine Gall, 3 i nDún Laoghaire Ráth Dúin agus 8 i mBaile Átha Cliath Theas. Ceadaíodh €924,340 do na tograí go léir in 2018.

Fingal PPN 2

Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall

Is é Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall  an Líonra áitiúil Rannpháirtíochta Pobail agus dá bhrí sé is é creatlach nua Fhine Gall le haghaidh rannpháirtíocht phobail. Soláthróidh sé an struchtúr chun an sruth eolais débhealaigh idir an tÚdarás Áitiúil agus an Pobal,  grúpaí Deonacha agus Comhshaoil. Cumasóidh an córas áitritheoirí Fhine Gall agus eagraíochtaí pobail chun tionchar a bheith acu ar phleananna agus beartais le haghaidh forbairt an Chontae amach anseo.