Féach ar nó Cuardaigh Iarratas Pleanála

Ní mór duit a thuiscint go bhfuil nósanna imeachta reachtúla ann a gcaithfidh Comhairle Contae Fhine Gall cloí leo agus iarratas pleanála á dhéanamh aici.  Ciallaíonn sé seo nach féidir cáipéisí pleanála a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin nó go gcuirtear na nósanna imeachta sin i gcrích. Fágann sin go bhféadfadh roinnt laethanta a bheith i gceist ón am a bhfaightear iarratas agus an t-am a mbeidh cáipéisí pleanála le feiceáil ar an láithreán.

 

Iarratas Pleanála ar líne,  anseo

Cuardaigh Iarratas Pleanála ar Mapa, anseo 

Weekly Planning Lists, anseo

 

D'fhéadfadh moill a bheith ar cháipéisí pleanála a fhoilsiú nuair a bhíonn a lán iarratas á seoladh chugainn agus/nó nuair a fhaighimid iarratais mhóra a mbíonn lear mór cáipéisí ag baint leo.

Tuigimid go bhféadfadh moill ar cháipéisí a fhoilsiú cur isteach ort más rud é go bhfuil tú ag nochtadh tuairimí maidir le hiarratais phleanála.  Déanaimid iarracht cáipéisí a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin chomh luath agus is féidir linn ach is mian linn a chur in do dhaoine go mbíonn cóip chrua de na hiarratais ar fad ar an gcuntar poiblí againn, Luan go hAoine, le linn uaireanta oifige, sa chás nach bhfuil ar cháipéisí atá á lorg acu ar an láithreán gréasáin.

Coinnigh súil ar an láithreán ar bhonn rialta má tá tú ag lorg cáipéisí pleanála mar foilseoimid iad a luaithe is féidir.

Tá iarratais phleanála ar fáil le breathnú orthu, ar líne agus ag an gcuntar pleanála inár n-oifigí. Tá na doiciméid go léir (seachas faisnéis rúnda) a chuirtear isteach mar chuid d'iarratas pleanála ar fáil le breathnú orthu ag an bpobal. Níl gach doiciméad agus plean le haghaidh iarratas a cuireadh isteach roimh 2005 ar fáil ar líne.

Má bhíonn aon deacracht agat breathnú ar iarratais phleanála ar líne nó má thagann tú trasna ar chomhad atá neamhiomlán, cuir in iúl dúinn le do thoil trí [email protected] .

Táillí chun féachaint ar chóipeanna de chomhaid, iad a cheannach nó a iarraidh, anseo

 

Déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála

Ríomhphost:           [email protected]
Fón: (01)8905541 (Sord)
       (01)8708431 (Baile Bhlainséir)

Tabhair cuairt ar ár gcuntair pleanála:

Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine: 9.30am go 4.30pm

Na hOifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15
Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30am go 4.30pm

An seoladh poist le haghaidh iarratais phleanála: (de réir ceantair)

Limistéar Thuaidh Chontae Fhine Gall:
An Rannóg Pleanála
Comhairle Contae Fhine Gall
Bosca Poist 174
Halla an Chontae
Sord
Co. Bhaile Átha Cliath 

BÁC15 agus na ceantair máguaird, agus gach ceantar siar ón N2:

An Rannóg Pleanála
Comhairle Contae Fhine Gall
Bosca Poist 174
Na hOifigí Cathartha
Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15.