Balgriffin

Baile Ghrífín

Sráidbhaile tarraingteach i gcroílár Fhine Gall. 

Discover More

53.410714735385, -6.1782087799041

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Baile Ghrífín

Is bruachbhaile páirt-tuaithe de Bhaile Átha Cliath, Éire, é Baile Grífín, a d’fhorbair mórthimpeall ar shráidbhaile. Tá sé suite i ndeisceart Fhine Gall i gContae traidisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Ar feadh an chuid is mó dá stair, ceantar ar bheagán lonnaíochtaí lán garraithe a bhí ann le sráidbhaile a bhí suite ag crosbhóthar, áit a bhfuil teach tábhairne stairiúil a tógadh san 18ú haois fós le feiceáil.Bunáit a bhí ann do thiarnaí Normannacha, taoisigh Ghaelacha agus tiarnaí talún Angla-Éireannacha.

St. Doulagh's Church

Tuilleadh eolais faoi Eaglais Dúiligh

Tá Eaglais Dúiligh suite thart ar 1 km ó thuaidh de shráidbhaile Bhaile Ghrífín. Is ceann de dhá eaglais é atá le fáil i "bParóistí Aontaithe Mhullach Íde, Phort Mearnóg agus Naomh Dúileach" i bhFine Gall, Éire,agus is í an eaglais is sine í ar a bhfuil díon cloiche atá fós in úsáid in Éirinn.

De réir an tseanchais, ba é Naomh Samson, naomh de bhunadh na Breataine Bige, a bhunaigh an mhainistir arb ionann é agus Eaglais Dúiligh sa lá inniu ann. Ó tharla gur tugadh Balgriffin agus Griffinstown ar Bhaile Ghrífín san am a caitheadh, is léir gur duine de bhunadh na Breataine Bige a bhunaigh an áit. Ba sa 5ú haois a tógadh an eaglais seo agus rinneadh obair athchóirithe sa 12ú haois, agus tá cáil ar an eaglais anois mar eaglais de chuid Eaglais na hÉireann.

Abbeville House

Bain lán do dhá shúil as na radhairc ag Abbeville

Is i gCionn Sáile atá Abbeville suite, “teach mór” a tógadh san 18ú haois agus áit chónaithe Charles Haughey ba ea é nuair a bhí sé ina Thaoiseach ar Éirinn. Tá sruthanna, linn agus grúdlann atá imithe i léig anois suite ar na tailte. Rinne an t-ailtire agus an dearthóir cáiliúil, James Gandon, obair leasaithe ar an teach sna 1790idí.

Ba le teaghlach Cooper an teach idir 1815 agus lár an 20ú haois; in 1969 cheannaigh Haughey an teach, agus ceapadh ina Thaoiseach é in 1979. Ó shin i leith, tarraingíodh droch-cháil ar an teach, díoladh é cúpla babhta, agus thug daoine cáiliúla cuairt air, an teanór cáiliúil. Pavarotti, ina measc.