Páirceanna agus Tránna

Gardaí Tarrthála a Sholáthar

Sábháilteacht Uisce

Stáisiúin Garda Tarrthála i bheidhm ón 24 Lúnasa go dtí an 27 Lúnasa 2023

11.00 go dtí 19.00

  • Trá Bhaile Brigín (ní ar an Satharn)
  • Trá Theas na Sceirí
  • Trá Theas an Ros
  • Trá Bhaile na Carraige, Domhnach Bat
  • Trá Mhullach Íde (Bratach Dearg leanúnach)
  • Trá Phort Mearnóg 
  • Trá an Choinicéir, Cill Fhionntain
  • Trá Claremont Binn Éadair (Dé Domhnaigh amháin)

De dheasca leibhéil teoranta na n-acmhainní, faraor, nílimid in ann na stáisiúin garda tarrthála eile a oscailt an deireadh seachtaine seo. Gabhaimid leithscéal as aon chur isteach a d'fhéadfach teacht as a leithéid.

  • Iarrtar ar úsáideoirí na trá snámh gan snámh ach amháin sna limistéir ar leith le bratacha marcáilte orthu.
  • Moltar do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí faire a choinneáil ar a gcuid  leanaí beaga i gcónaí.
  • Ná tabhair bréagáin inséidte chuig an trá. Níor cheart iad seo a úsáid riamh in uisce oscailte mar is féidir á scuabadh ar shiúl ag na sruthanna agus ag na gaotha amach ón gcósta.
  • Beidh eolas faoi cháilíocht an uisce ar fáil chomh maith ar chlár fógraí na trá agus ag beaches.ie
  • Ná déan dearmad nach gceadaítear alcól a ól ar ár dtránna ar chor ar bith agus go bhféadfadh sé dochar mór a dhéanamh don tsábháilteacht phearsanta i ngar don an uisce.
  • Ná tabhair aon BBQ leat chuig ár dtránna, mar d’fhéadfadh dónna tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu má fhágtar ina ndiaidh iad.
  • Tabhair do chuid bhruscar abhaile leat, má tá ár mboscaí bruscair lán, agus cabhraigh linn lenár dtránna a choinneáil sábháilte do gach éinne.
  • Sa chás nach bhfuil garda tarrthála i láthair sa limistéar agus go bhfuil tú féin i gcruachás nó go bhfeiceann tú duine eile i gcruachás, glaoigh ar 999 nó ar 112 agus iarr ar an nGarda Cósta.
  • Tá tuilleadh leideanna sábháilteachta uisce le feiceáil ag  www.watersafety.ie

 

 

Is féidir le comhairlí gardaí tarrthála a chur ar fáil do thránna agus do limistéir shnámha amuigh faoin spéir le linn shéasúr an tsamhraidh.

Bíonn bratach dhearg nó bhuí ar foluain ón stáisiún garda tarrthála nuair a bhíonn garda tarrthála ar dualgas. Ní bhíonn garda tarrthála ar dualgas ach amháin i rith an tsamhraidh ó 11am go 7pm mar seo a leanas:

  • Satharn agus Domhnach le linn mhí an Mheithimh
  • gach lá le linn mhí Iúil agus  mhí Lúnasa

 

Comhairle

Iarrtar ar úsáideoirí na trá snámh gan snámh ach amháin sna limistéir ar leith le bratacha marcáilte orthu.

Moltar do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí faire a choinneáil ar a gcuid  leanaí beaga i gcónaí.  Ná tabhair bréagáin inséidte chuig an trá. Níor cheart iad seo a úsáid riamh in uisce oscailte mar is féidir á scuabadh ar shiúl ag na sruthanna agus ag na gaotha amach ón gcósta.

Beidh eolas faoi cháilíocht an uisce ar fáil chomh maith ar chlár fógraí na trá agus ag beaches.ie

Ná déan dearmad nach gceadaítear alcól a ól ar ár dtránna ar chor ar bith agus go bhféadfadh sé dochar mór a dhéanamh don tsábháilteacht phearsanta i ngar don an uisce.

Ná tabhair aon BBQ leat chuig ár dtránna, mar d’fhéadfadh dónna tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu má fhágtar ina ndiaidh iad. Tabhair do chuid bhruscar abhaile leat, má tá ár mboscaí bruscair lán, agus cabhraigh linn lenár dtránna a choinneáil sábháilte do gach éinne.

Tá tuilleadh leideanna sábháilteachta uisce le feiceáil ag  watersafety.ie

 

Cineálacha smugairle róin: https://www.hse.ie/eng/health/hl/water/bathing/jellyfish-in-irish-coastal-waters.html

Portuguese Man O' War