Séanadh

Cé go bhfuil cúram mór déanta maidir le hullmhú agus foilsiú ábhar an láithreáin ghréasáin seo, ní ghlacann Comhairle Contae Fhine Gall dliteanas dlíthiúil ná dliteanas eile as aon mhíchruinneas, botún, mí-ráiteas nó aon earráid eile de chineál ar bith atá anseo. Séanann Comhairle Contae Fhine Gall go foirmiúil leis seo dliteanas maidir le nithe réamhráite den sórt sin.

Tá an t-eolas atá sa láithreán seo de chineál eolais ginearálta agus comhdhlúite amháin agus is féidir leis athrú ó am go ham. Níor cheart go mbraithfí air féin, agus ann féin, maidir le cearta dlíthiúla nó cinntí eile a chinneadh. Moltar do léitheoirí/úsáideoirí a dheimhniú, trí theagmháil dhíreach agus beo le Comhairle Contae Fhine Gall, aon eolas ar mian leo brath air.

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall iarracht cóipcheart nó ceart intleachtúil eile a shannadh do na húnéirí cearta nuair a bhí an cur chuige sin oiriúnach. Nuair a chailltear nó nuair a dhéantar dearmad ar aon sannadh, cuirfidh Comhairle Contae Fhine Gall ina cheart é nuair a chuirtear ar an eolas í.