An Tionscnamh Cuir Deireadh le Cur Amú Bia

Is clár náisiúnta é Cuir Deireadh le Cur Amú Bia a bhfuil na hÚdaráis Áitiúla ar fad páirteach ann.  

Is féidir leat an méid bia atá á chur amú agat a laghdú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Pleanáil do thuras siopadóireachta chun bia a cheannach - seachain torthaí agus glasraí atá i bpacáistí - ná ceannaigh ach an méid a theastaíonn uait
  • Foghlaim conas bia a stóráil agus a reo
  • Déan dramhbhia amh a mhúiríniú sa bhaile

Tá dramhbhia ag cur go mór le hAthrú Aeráide.

 In Éirinn tá 1 mhilliún tonna, ar a laghad, de dhramhbhia á chruthú againn gach bliain, agus tá formhór de seo á bhainistiú in Éirinn. Cé go bhfuil cuid den bhia á dhíleá go hanaeróbach le haghaidh athshlánú fuinnimh, á mhúiríniú nó á chur ar fáil mar bheatha ainmhithe, tá go leor den bhia fós ag dul i dtreo líonadh talún. Tá a fhios ag aon duine a bhí ina chónaí gar do líonadh talún nó a fuair boladh ó líonadh talún riamh nach dea-scéal iad na gáis agus na leachtanna a bhíonn mar thoradh ar lobhadh bia.  Ach níl ansin ach cuid den fhadhb, tá go leor tionchar ar an gcomhshaol le tabhairt faoi deara sula ndéanann muide, na tomhaltóirí, ár ndramhbhia a dhiúscairt.

Tá sé ríofa ag Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na NA (EBT) go gcuirtear 1.3 billiún tonna bia amú gach bliain, rud a chuireann go díreach le ganntanais bhia, strus maidir le huisce, cailliúint bithéagsúlachta nach gá, agus astaíochtaí méadaithe gás ceaptha teasa. Ciallaíonn sé seo, i ndiaidh Mheiriceá agus na Síne, gurb é dramhbhia an 3ú foinse is mó atá le cur le hastaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa - 3.3 billiún tonna de CO2 in aghaidh na bliana.

Céard a chiallaíonn sé seo?

  • Úsáidtear 1.4 billiún heicteár talún, arb ionann é agus 28% de limistéar talmhaíochta an domhain nó 200 Éire, chun bia a tháirgeadh a chailltear nó a chuirtear amú.
  • Ina theannta sin, gach bliain teastaíonn trí oiread níos mó uisce ná mar a shreabhann trí abhainn na Volga sa Rúis chun bia a chuirtear amú i ndeireadh na dála, a tháirgeadh.
  • Mar thoradh air seo, meastar go mbeidh na caillteanais eacnamaíocha a bhaineann le caillteanas bia, gan bia mara a chur san áireamh, cothrom le €550bn in aghaidh na bliana… tráth ina bhfuil daonra an domhain ag éirí níos mó, rud atá ag cur brú ollmhór ar na soláthairtí bia atá ann faoi láthair

Más spéis leat noda chun cur amú bia a laghdú tabhair cuairt ar www.stopfoodwaste.ie 

Tá sé ag éirí níos coitianta go gcónaíonn daoine in Éirinn in árasáin. Ach ní chuireann comhlachtaí bainistíochta ná a gconraitheoirí dramhaíola roghanna dramhbhia ar fáil d'fhormhór mór na n-árasán. Breathnaítear air mar dhramhaíl tráchtála seachas dramhaíl tí. Léigh an tuarascáil seo ó Oifig Dramhaíola Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre a rinne staidéar píolótach i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall in 2019. Tugadh faoin staidéar sna Northwood Apartments i Seantrabh.

Tuarascáil maidir le Tionscadal na nAraidí Donna i Northwood  

Apartment Living (002)

Máistir Mhúiríneoir

Bhronn Méara Fhine Eoghan O'Brien teastais ar 30 rannpháirtithe cúrsa Máistir Mhúiríneoir ag Muilte na Sceirí Dé Sathairn an 2 Samhain. Tar éis cúrsa oiliúna cúig seachtaine, beidh rannpháirtithe ó gach cearn de Fhine Gall ag obair go deonach chun tionscadail mhúirínithe pobail a bhunú do ghrúpaí Baile Slachtmhara, do scoileanna áitiúla agus do chumainn chomharsanachta nó chun cabhrú le daoine nó iad a mhúineadh ag imeachtaí pobail. Ba é an fócas ná conas cur amú bia a chosc chun airgead agus ár gcomhshaol a shábháil  Mhaoinigh Comhairle Contae Fhine Gall an tionscnamh seo mar chuid de thionscnaimh Cuir Deireadh le Cur Amú Bia agus Dramhaíl a Chosc. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach www.stopfoodwaste.ie

Master Composter
Master Composter