Seirbhísí Corporáideach

Coistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna)

Tá an bonn reachtúil do Choistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna) leagtha amach in Acht Rialtais Áitiúil, 2001 (Alt 48) arna leasú ag Alt 41 d’Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014.

Tá sé de chúram ar Choistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna), mar choistí de chuid na comhairle, comhairle a chur ar an gcomhairle nua agus cabhrú léi le foirmliú, forbairt agus athbhreithniú ar bheartais.

Áirítear i measc na ballraíochta comhairleoirí tofa, ionadaithe gnó, páirtithe leasmhara feirmeoireachta, grúpaí comhshaoil/caomhantais, ceardchumainn agus baill den phobal agus baill dheonacha.

Féach ar Scéim an Choiste um Beartas Straitéiseach, ar ghlac comhairleoirí léi ar an 9 Meán Fómhair, anseo

Chun breathnú ar bhallraíocht na gCoistí Polasaí Straitéisigh, cliceáil anseo.

Chun breathnú ar dhátaí cruinnithe na gCoistí Beartais Straitéisigh, cliceáil anseo

Chun breathnú ar Chlár Beartais Bliantúil na gCoistí Beartais Straitéisigh 2021, cliceáil anseo