3: Rothaíocht

Cycling

Maidir leis an teaghlach a mheasann siúl beagáinín ró leamh, cuireann Fine Gall raon roghanna rothaíochta ar fáil a chuimsíonn féarbhealaí agus bóithre, ó leibhéal na farraige go barr cnoic.

Tá clár uaillmhianach ar bun cheana féin ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le forbairt glasbhealaigh le roinnt stráicí fada críochnaithe lena gcuirtear conairí rothaíochta ar fáil don teaghlach ar fad. Soláthraíonn an chuid a críochnaíodh is déanaí ó Phort Mearnóg go Baile Dúil 2 km de bhealach tríd an bpáirc ráschúrsa feadh an chósta éagsúil.

Is féidir leis na rothaithe a bhfuil níos mó taithí acu tabhairt faoi dhúshlán cheann Bhinn Éadair, tar éis dóibh dul suas an dreapadh gruama ar gach taobh den leithinis, beidh cúiteamh ann dóibh le radhairc iontacha ar Mhuir Éireann agus bealach éasca ar ais síos an cnoc ag críochnú i sráidbhaile Bhinn Éadair nó i gcros Chill Fhionntain.

D’fhéadfadh rothaithe atá ag lorg bealach níos intíre dul ar chosán na canála ríoga trí Bhaile Átha Cliath 15, ag baint leasa as suaimhneas an uiscebhealaigh agus iad ag samhlú cé chomh gnóthach agus a bheadh an cosán tarraingthe nuair a raibh an-tóir ar an gcanáil.