DART agus Iarnród

Freastalaíonn na córais seo ar fad ar Lárchathair Bhaile Átha Cliath, agus is féidir taisteal ar aghaidh go dtí áiteanna ar fud na tíre uaidh sin.

Leanann an córas DART ('Dublin Area Rapid Transport') cósta Mhuir na hÉireann don chuid is mó den turas, agus mar sin tá sé ar cheann de na bealaí iarnróid bruachbhailteacha is áille san Eoraip. I bhFine Gall, stopann sé i bPort Mearnóg, Mullach Íde, Cois Bá, Cill Fhionntain agus Binn Éadair.

DART Bhaile Átha Cliath a chur in áirithe

Féach ar Léarscáil

 

Stopann seirbhísí comaitéireachta i mBaile Brigín, Na Sceirí, An Ros agus Lusca, Domhnach Bat, Mullach Íde, Port Mearnóg, Cluain Ghrífín, Acomhal Bhinn Éadair agus Domhnach Míde, Caisleán Cnucha agus Páirc Hans.

Cuir Seirbhísí Comaitéireachta in Áirithe

 

 

Téann seirbhísí iarnróid trí cheantair i dtuaisceart agus iarthar Fhine Gall, Mullach Íde, Baile Brigín agus áiteanna eile san áireamh, ach faoi láthair níl stopanna sceidealaithe ansin.

Cuir Seirbhísí Idirchathrach in Áirithe