Fógra Ná Snámh agus Rabhadh Roimh Ré ardaithe ó Thrá Thuaidh an Rois agus Port Mearnóg

Sna torthaí is déanaí maidir le Cáilíocht Uisce Snámha ón sampla a tógadh ar an Luan 17 Iúil, 2023 bhain Trá Veilbhit Port Mearnóg agus Trá Thuaidh an Rois an caighdeán cáilíochta uisce 'Ar fheabhas' amach.

Velvet Strand, Portmarnock

Sna torthaí is déanaí maidir le Cáilíocht Uisce Snámha ón sampla a tógadh ar an Luan 17 Iúil, 2023 bhain Trá Veilbhit Port Mearnóg agus Trá Thuaidh an Rois an caighdeán cáilíochta uisce 'Ar fheabhas' amach.

Tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte deimhníodh comhaontú maidir le baint na bhfógraí seo a leanas ó na tránna seo a leanas; Trá na Veilbhit, Port Mearnóg (Rabhadh Roimh Ré) agus An Ros Thuaidh (Toirmeasc).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar thránna agus uisce snámha féach Tránna agus Uisce Snámha

Chun eolas a fháil ar Ghardaí Tarrthála ns seachtaine seo féach Soláthar Gardaí Tarrthála

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.

Léigh na Ceisteanna Coitianta maidir le Monatóireacht ar Cháilíocht Uisce Snámha anseo

 

Rush North Beach