Scéim Céatadán d'Ealaín

Per Cent for Art Scheme

Is tionscnamh an rialtais é an scéim Céatadáin d'Ealaín, a tugadh isteach den chéad uair in 1988, inar féidir 1% de chostas aon fhorbartha caipitil, bonneagair nó foirgnimh arna maoiniú go poiblí a shannadh ar shaothar ealaíne a choimisiúnú. Ó 1997, bhí an scéim seo ar fáil le haghaidh gach tionscadal caipitil thar gach roinn rialtais.

 

Is mar seo a leanas na cláir chaipitil lena mbaineann an Scéim Céatadáin d'Ealaín: tionscadail tithíochta poiblí (scéimeanna sóisialta agus inacmhainne); iompar agus bóithre; scéimeanna comhshaoil cosúil le scéimeanna draenála, stáisiúin phumpála agus taiscumair;  foirgnimh phoiblí cosúil le leabharlanna, oifigí poiblí, scoileanna, ospidéil, ionaid leighis, príosúin, foirgnimh ealaíon - pictiúrlanna, amharclanna, ionad ealaíne; oibreacha caomhnaithe a dhéantar ar fhoirgnimh agus suíomhanna poiblí agus scéimeanna athnuachana uirbeacha agus sráidbhaile. Tá ranna rialtais eile, cosúil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus gníomhaireachtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, Oifig na nOibreacha Poiblí, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath ag coimisiúnú saothar ealaíne go gníomhach faoin scéim seo. 

Tá an Scéim Céatadáin d'Ealaín imfhálaithe, is é sin níl sé ar fáil ach amháin le haghaidh saothair ealaíne agus níl sé ar fáil le haghaidh aon chuspóra eile cosúil le feabhsúchán ailtireachta nó gné dearaidh nó tírdhreachú, srl.  Baineann méid an bhuiséid le haghaidh Céatadán d'Ealaín leis an gcostas iomlán tógála caipitil a ríomhtar de réir na teorainneacha thíos.

Teorainneacha buiséid

Socraítear na teorainneacha faoin scéim ag uasmhéid 1% an buiséid iomlán chaipitil, faoi réir na dteorainneacha éagsúla. I gcás tionscadail tógála a chosnaíonn suas le €2,550,000, d'fhéadfadh buiséad ealaíne suas le €25,000 a bheith san áireamh leis.I gcás tionscadal a chosnaíonn idir €2,550,000 agus €6,300,000, ceadaítear 1% breise (suas le €12,500) a fhágann buiséad uasta ealaíne de €38,000.

I gcás tionscadal a chosnaíonn idir €6,300,000 agus €12,700,000, ceadaítear 1% breise (suas le €13,000) a fhágann buiséad uasta ealaíne de €51,000.

I gcás tionscadail a chosnaíonn níos mó ná €12,700,000, ceadaítear 1% deireanach (suas le €13,000) buiséad uasta ealaíne de €64,000.