Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2022

Maoiniú Ar Fáil do Bhailte agus Sráidbhailte Tuaithe i bhFine Gall  

 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg Léirithe Spéise ó leasanna pobail agus gnó i mbailte agus sráidbhailte i gContae Fhine Gall do thionscadail ionchasacha faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2022. 

Cuirtear maoiniú ar fáil tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD), chun forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus chun tacú le pobail bhríomhara, ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.

Tacaíonn an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte (TVRS) le tionscadail chaipitil bheaga agus mheánmhéide, a fheabhsaíonn an comhshaol i lár bailte agus sráidbhailte. Beidh an maoiniú deontais do thionscadail idir €20,000 go €500,000. 

Leagfaidh Scéim 2022 béim ar leith ar thionscadail a thugann úsáid arís d’fhoirgnimh agus do shuíomhanna atá folamh agus tréigthe mar spásanna ilchuspóireacha, ag teacht le cuspóirí “Ár dTodhchaí Cheantair Thuaithe – Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025”.

Tacóidh an Scéim Bailte agus Sráidbhailte leis na cuspóirí seo agus spreagfaidh sí níos mó daoine chun filleadh go muiníneach ar lár na mbailte agus na sráidbhailte chun oibriú, siopadóireacht a dhéanamh agus bualadh le daoine.

Tá treoirlínte do Scéim 2022 lena n-áirítear, critéir incháilitheachta, agus foirm léirithe spéise ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall: Scéimeanna Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte | Comhairle Contae Fhine Gall

Is é an spriocdháta chun Léirithe Spéise a chur isteach, ná am scoir gnó Dé Céadaoin, 29ú Meitheamh 2022. 

Déanfaidh an Chomhairle gearrliosta de thionscadail ionchasacha le cur faoi bhráid DRCD le haghaidh maoinithe faoin 22ú Iúil 2022.

Ba cheart aon cheisteanna faoin Scéim a sheoladh i ríomhphost chuig [email protected]