Oidhreacht Fhine Gall de réir ceantair - BAC15

Ó Bhaile Bhlainséir go dtí an Chorr Dhubh, ó Chluain Saileach go Cill Mhártain agus ó Mhullach Eadrad go Páirc San Caitríona, tá athruithe móra tarlaithe sa chúinne thiar theas seo d’Fhine Gall síos tríd na blianta ó pháirceanna agus dúnfoirt go tionsclú agus tírdhreach nua fo-uirbeach.

.

 

Seandálaíocht agus Stair

Tá taifead ar bheagnach 90 séadchomhartha seandálaíochta i mBaile Átha Cliath 15. Ní féidir roinnt acu a fheiceáil go héasca ar an talamh ach tugann go leor dumhaí atá cumhdaithe ag crainn, stumpaí foirgneamh, ballaí eaglaisí agus caisleán leideanna dúinn maidir le scéalta na ndaoine a mhair, a d’oibrigh agus a fuair bás anseo síos tríd na blianta.

Nocht tochailtí seandálaíochta agus fionnachtana anonn is anall lorg de dhaoine a bhí ina gcónaí sa cheantar seo ón gCré-umhaois ach is i dtréimhse na Críostaíochta a thosaigh daoine ag fágáil lorg atá fós le feiceáil againn inniu. Ón gcúigiú go dtí an t-aonú haois déag (an luath-thréimhse mheánaoiseach), bhí cónaí ar roinnt daoine in imfháluithe ciorclacha ina raibh díog agus bruach, ar a dtugtar rath nó lios, cosúil leo sin ag Ceapach, sa Chorr Dhubh, i Steach Gob, sa Bhaile Cora, i mBuaile an Gheimhridh agus i mBaile an Phóirtéaraigh. B’in iad gnáth-áitribh feirme na tréimhse.

Corduff fort map

Léarscáil Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann: Léarscáil 1837, an 1ú hEagrán (Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann © faoi cheadúnas 2012-24-CCMAI-FCC). Tá trí dhúnfort marcáilte sa Chorr Dhubh as féin

corduff modern fort map 300x163

Tá na trí dhúnfort chéanna sa Chorr Dhubh beagnach 180 bliain ina dhiaidh sin; ceann faoi eastát tithíochta, is féidir ceann eile a fheiceáil i bpáirc na Coirre Duibhe agus tá an ceann is faide ó thuaidh i spás 

Tugtar léiriú freisin ar na heaglaisí is luaithe. Ag scríobh dó sa seachtú haois thug an tEaspag Tírechán liosta de na heaglaisí a bhunaigh Naomh Pádraig, ba é Cul Mine an chéad cheann, a haistríodh go Cúil Mhín gar do Chluain Saileach. Ceapadh riamh gurb é seo láithreán Teampall Bán Naomh Machutus. Bhí sé i seilbh Mainistir Mhuire ach bhí sé imithe in éag faoin mbliain 1429. Tugadh a chuid iarsmaí faoi deara i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir le linn suirbhéireacht gheoifisiceach a rinne John Nicholls le déanaí. I measc samplaí eile d’eaglaisí na meánaoise a bhféadfadh a mbunús a bheith sa luath-thréimhse mheánaoiseach tá Baile an Aba, Baile an Bhosardaigh, agus Cluain Saileach.

Coolmine site of White Chapel

Láthair an Teampaill Bháin, Cúil Mhín

Castleknock300x400

I bhfoisceacht 400m den mhóta agus den chaisleán ag Caisleán Cnucha thángthas ar áith chriadóireachta mheánaoiseach ón 13/14ú haois le linn tochailte. Ba liacha, shoithí cócaireachta pipkin agus chrúscaí a bhí i gcuid mhaith den ábhar

D’fhág teaghlaigh Angla-Normannacha Blanchard, Tyrell, Deuswell agus Keppock a n-oidhreacht ní amháin in ainmneacha na mbailte fearainn (Baile Bhlainséir, Baile an Tirialaigh, Baile an Diosualaigh agus Ceapach) ach i dtírdhreach fisiceach an cheantair. Bronnadh mainéar Chaisleán Cnucha ar Hugh Tyrell in 1177 agus áiríodh leis Caisleán Cnucha, Cluain Saileach agus Mullach Eadrad. Is ag Caisleán Cnucha atá ceann de na mótaí agus bábhúin is mó atá fós ann, agus daingin ilsleasacha cloch orthu. In ainneoin na ndaingnithe d’éirigh le Edward Bruce an caisleán a thógáil agus choinnigh sé an barún agus a theaghlach ar fuascailt i 1317. Chonaic an file William Wordsworth an caisleán in 1829 agus cheap sé go raibh ‘cluasán agus fiántas a bhí fíorshuntasach gar do bhaile mór ann’Tá taifead ar mhótaí freisin i gCill Sheáin, sa Bhaile Nua, agus i nDún Sochlaigh.

Clonsilla Newcomen slab300x225

Leac uaighe a cuireadh in airde do Frances Lady Newcomen as Cill Fhionntain a fuair bás i 1687, reilig Chluain Saileach

Bhí cráifeacht don eaglais agus tiomantas d’fhorbairt paróistí lárnach do dheonú na talún. Bronnadh go leor talún ar an eaglais cosúil leis an talamh i nDún Sinche a tugadh do chlochar Lios Muilinn, agus bronnadh tailte i gCúil Mhín, i gCluain Saileach agus i mBaile Bhlainséir ar Phrióireacht Little Malvern, Sasana. Thug fir agus mná a bhí ag iarraidh a n-anam a shábháil dearlacadh nó tacaíocht airgeadais d’eaglaisí agus mar sin tá eaglaisí na meánaoise i measc na séadchomharthaí is fairsinge atá fós ann ón tréimhse.

Mulhuddart300x225

Associated with St Caoemhín with a possible early medieval origin the site contains church remains, graveyard and holy well. ‘Caveen’s well was closed up by the landlord. Surviving headstones indicate many Dublin merchants were buried here in the 18th century. Since the building of the M50 the graveyard is no longer publically accessible

Ba thréimhse shuaite an 17ú haois in iardheisceart Fhine Gall. Taifeadtar gur ghabh airm a bhí ag troid paróiste Mhullach Eadrad idir 1641 agus 1649 agus gur scrios siad an áit. Rinne Diúic Ormond a cheathrúna san eaglais i Mullach Eadrad agus rinne Eoin Rua Ó Néill mórshiúl tríd an bparóiste. Taispeántar i dtaifid go raibh 36 dhuine ag cur fúthu i mBaile an Huntaigh ag an am; 29 i mBaile an Bhlainséir agus 45 i mBaile an Diosualaigh. Tháinig borradh ar thithe móra sa cheantar sa 18ú haois de réir mar a thóg teaghlaigh tithe arís nó mar a tháinig teaghlaigh nua chuig an áit. Ach níor éirigh leo i gcónaí – i 1761 thit balla binne Theach Bhaile an Bhosardaigh agus maraíodh máthair agus iníon an tí. Tá go leor tithe cosúil le Teach na Coirre Duibhe, ina raibh teaghlach Warren le breis is 200 bliain, nach bhfuil ann níos mó. Tá cinn eile cosúil le Baile an Aba, iar-áit chónaithe an Tiarna Holmpatrick agus Teach Bhaile Lotrail fós ann ach ní féidir teacht air.

Rocque D15 300x225

Taispeántar léarscáil Rocque ó 1760 – na tithe móra agus a gcuid gairdíní in éineacht leis an eaglais, páirceanna agus cairéil agus foraoisí

Henry Luttrell was credited with the erection of the Devil’s Mills before his murder in 1717 although the depiction by Jonathon fisher in 1761 indicates they may be a later development. There were also mills at Blandchardstown and Castleknock. The Royal Canal was another infrastructural undertaking. Known as the Rival canal or the Cobblers canal in reference to Mr Binns, a retired shoemaker and member of the Board of the Grand Canal. He fell out with the other board members and set up a rival canal company. Works commenced in 1790 but were slowed considerably by two miles of deep sinking between Blanchardstown and Clonsilla. This set-back effectively bankrupted the company and it was eventually sold to the Midland Western railway to build a railway alongside. It was while walking along the canal that William Rowan Hamilton (1805-65) discovered the theory of quaternions, a revolutionary mathematical concept that he carved into the stone work at Broombridge. He was the director of the observatory at nearby Dunsink. Selected for its vantage point and distance from the smog of Dublin, Dunsink observatory was built in 1785, the instruments and layout designed by Rev. Henry Ussher.

Abbotstown graveyard 300x225

Abbotstown Graveyard. Associated with St Caoemhín with a possible early medieval origin the site contains church remains, graveyard and holy well. ‘Caveen’s well was closed up by the landlord. Surviving headstones indicate many Dublin merchants were buried here in the 18th century. Since the building of the M50 the graveyard is no longer publically accessible. 

Béaloideas

Is minic go mbíonn cuid den fhírinne i scéalta go háirithe nuair a bhíonn ceangal acu le logainmneacha – fuarthas cnámharlaigh ársa i bpáirceanna ar ar tugadh Páirc na gCnámh agus lonnaíochtaí atá dearmadta le fada an lá i Seanbhailte. Sna hannála tugadh Cnucha ar Chaisleán Cnucha agus tá baint aige le Conn na gcéad Chath agus bhíodh sé mar shuíochán ag na ríthe. De réir an bhéaloidis nuair a bhí sagart ag léamh an Aifrinn i gClochrán chonaic sé duine ag goid capaill agus searraigh. Dúirt an sagart ‘God amend thee’ faoina anáil leis an robálaí, rud a dúradh a cheangail é le baile fearainn Goddamendy in aice láimhe. Tá baint ag finscéalta freisin leis na luath-eaglaisí agus lena mbunaitheoirí. Liostáladh Cul Mine (Cúil Mhín anois) mar an chéad eaglais a bhunaigh Naomh Pádraig laistigh de Mhagh Breagh agus de réir an tseanchais thóg Naomh Mochta, a bhain le Cluain Saileach, gadaí báite ó na mairbh. 

An raibh a fhios agat?

Gur cuireadh adhmad as Caisleán Cnucha ar fáil chun corp Theampaill Chríost a atógáil i 1564?

Rud nach gcreidfeadh cuid mhaith ach glanadh formhór d’fhoraoisí nádúrtha na hÉireann roimh 1600, agus tharla go leor den ghlanadh sin sna dtréimhsí réamhstaire. Bhí coillte agus roschoillte scaipthe ann sna meánaoiseanna. Mar sin féin bhí formhór de Bhaile Bhlainséir an lae inniu cumhdaithe i gcoillearnach ar a tugadh Great Scaldwood. 

An raibh a fhios agat?

Go raibh an mac tíre i mBaile Bhlainséir go dtí 1652?

Eagraíodh dealú mac tíre sa Great Scaldwood i 1652. Gur chuir ropairí agus robálaithe le contúirtí an cheantair. B’óstóireacht é The Red Lyon, gar do Dhúbóthar ina bhféadfadh an lucht taistil a raibh ‘faitíos orthu roimh chontúirtí na gcoillte míchlúiteacha tar éis thitim na hoíche’ stopadh.

An raibh a fhios agat?

Go raibh grúdlann i gCluain Saileach ón 17ú haois?

Is i gCluain Saileach a bhí ceann de dheich dteach braiche Bhaile Átha Cliath sna 1640idí. Rinneadh braich d’eorna agus de ghránacha eile i gcomhair grúdú. Sna meánaoiseanna ba iad na mná is mó a bhíodh ag déanamh braiche agus grúdú.

An raibh a fhios agat?

Gur thug an Bhanríon Victoria cuairt ar Chaisleán Bhaile Lotrail faoi dhó in 1849 agus arís i 1900?

Rinneadh comóradh ar an gcuairt a thug sí i 1900 trí oibilisc a chur in airde san áit sa Ghleann a raibh tae aici agus níos magúla i línte an amhráin aitheanta ‘‘The Queen she came to call on us, She wanted to see all of us, Good job she didn’t fall on us, She’s eighteen stone'.

Foghlaim níos mó

Bailiúchán Staire Áitiúla: Leabharlann Bhaile Bhlainséir, An tIonad Cathartha, Ionad Bhaile Bhlainséir, Ríomhphost  [email protected]  

Baker, C. 2010, Antiquities of old Fingal; the archaeology of north County Dublin. Wordwell. Baile Átha Cliath. 

Ball F.E. 1995 (atáirgeadh ó liteagraif ó 1906), A History of the County Dublin: The people, parishes and antiquities from the earliest times to the close of the eighteenth century. Part Fourth. The HSP Library, Baile Átha Cliath.

Lacey, J. 1999, A Candle in the Window; a history of the Barony of Castleknock. Marino Books, Baile Átha Cliath.

Murphy, M. & Potterton, M. 2010, The Dublin Region in the Middle Ages; settlement, land-use and economy. Discovery Programme Monograph, Wordwell, Baile Átha Cliath.