Ceolchoirmeacha Mhullach Íde 2024 Scéim Crannchúr na dTicéad le haghaidh Cónaítheoirí na hÁite

Aithnímid go bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag na ceolchoirmeacha a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2024 orthu siúd atá cónaí orthu i ngar do Dhiméin Mhullach Íde. Tá Comhairle Contae Fhine Gall geallta le chomhoibriú a dhéanamh le cónaitheoirí ha háite ina leith seo.

Beidh crannchur na dticéad á reáchtáil ag an gComhairle le haghaidh roinnt ticéad saor in aisce a chur ar fáil do chónaitheoirí na háite. Má tá d'áit chónaithe suite laistigh den gha pobail 1.5 km ar suíomh céim ceolchoirm, d’fhéadfá cáiliú le haghaidh iarratas a dhéanamh ar chrannchur na dticéad. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, ní féidir geallúint a dhéanamh go mbeadh ticéad ar fáil do gach cónaitheoir agus ní féidir ach iarratas amháin a ghlacadh in aghaidh an teaghlaigh. Ní féidir ticéid a leithdháileadh le haghaidh cheolchoirmeacha ar leith.

Leagtar amach thíos na  téarmaí agus na coinníollacha,  an incháilitheacht agus na spriocdhátaí thábhachtacha a mbaineann le Scéim Chrannchur Ticéad Ceolchoirm Mhullach Íde.

Gheobhaidh áitribh laistigh den dobharcheantar incháilithe bileog le sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh. Seachadfar bileoga idir Dé Luain, 15 Aibreán agus Dé Máirt, 23 Aibreán.

Baineann na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas le héinne a dhéanann iarratas ar scéim Chrannchur Ticéad Ceolchoirm Mhullach Íde:

 

  • Sé spriocdháta na n-iarratas ar thicéad ná Dé hAoine, an 17 Bealtaine 2024 ag 17.00. Ní ghlacfar le haon iarratas tar éis an ama seo.
     
  • Chun clárú sa chrannchur do thicéid chónaitheora, bain úsáid as an gcód QR ar an mbileog arna sheachadadh chuig seoltaí incháilithe agus críochnaigh an fhoirm iarratais ar líne.
     
  • Cloífidh gach sonraí a bhailítear leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Beidh aon fhaisnéis a bhailítear le húsáid ag Comhairle Contae Fhine Gall amháin agus ní nochtfar d’aon tríú páirtí í.
     
  • Ní mór d’Eircode a chur le d’iarratas agus déanfar á úsáid chun incháilitheacht do sheoladh a fhíorú. Ní ghlacfar ach le hiarratas amháin (dhá thicéad) in aghaidh an Eircode. D’fhéadfadh go ndéanfaí GACH iarratas ón Eircode seo a chaitheamh amach mar thoradh ar ioliarratais a dhéanamh ón Eircode céanna.
     
  • Tarraingeofar na ticéid trí chóras Crannchuir agus, mar sin, ní féidir ticéid a leithdháileadh le haghaidh ceolchoirmeacha ar leith.
     
  • Is críochnaitheach agus is ceangailteach iad torthaí chrannchur na dticéad ar gach rannpháirtí. Ní ghlacfar le haon chomhfhreagras ina leith.
     
  • Cuirfear na teaghlaigh rathúla ar an eolas tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 7 Meitheamh 2024.
     
  • Déanfar na ticéid a sheoladh chuig na hiarrthóirí rathúla tríd an bpost cláraithe chuig an seoladh agus chuig an Eircode atá luaite san iarratas. Ní féidir úsáid a bhaint as aon seoladh ionaid.
     
  • Is chun críche úsáide pearsanta amháin ag na cónaitheoirí ar leith, a rinne iarratas agus a gcónaíonn laistigh den limistéar incháilithe, iad na ticéid a bhfaightear i gCrannchur Ticéad Ceolchoirm Mhullach Íde.
     
  • Ní ceadaítear aon ticéid do chónaitheoirí a athdhíol ar aon shuíomh Gréasáin tánaisteach. Má imsítear éinne ag athdíol a thicéad, tá an baol ann go gcuirfear a thicéad ar ceal  agus go ndiúltófar cead isteach dó ar shuíomh na ceolchoirme. Ni ghlacfar leis freisin in aon crannchúr amach anseo.

 

Catagóir 1  

  • Déanfar 80% de ne ticéid chónaitheoirí saor in aisce a chur ar fáil i ngach crannchúr do theaghlaigh laistigh de cheantar Aicme 1; féach an an liosta thíos. Is féidir le teaghlaigh as limisteár Aicme 1 cur isteach ar dhá thicéad in aghaidh an teaghlaigh. Caithfidh gach cónaitheoir Critéir na Cáilitheachta a chomhlíonadh, siad sin, Eircode fíoraithe laistigh den limistéar sannta. Nuair a chinntear go bhfuil do sheoladh incháilithe, cuirfear isteach sa chrannchur é le haghaidh ticéid saor in aisce.  

     

  • Abington 1
  • An Bábhún
  • An Cnoc
  • An Cuan
  • An tSeansráid
  • Árd na Mara
  • Árasáin Casino
  • Ardán Carlisle
  • Ascaill/Bóthar/Plás/Páirc Chalfort
  • Ascaill/Cúirt/Sráid  an Iarnróid
  • Ascaill San Maighréad
  • Ascaill Uí Chonghaile
  • Bailtíní San Sailbheastar
  • Baile an Mhábaigh
  • Bealach an Chaisleáin
  • Bóthar an Teampaill
  • Bóthar Mhullach Íde/Bóthar Bhaile Átha Cliath
  • Bóthar Mhulláin an Chaisleáin
  • Bóthar na mBallaí Buí (Thiar)
  • Bóthar Radharc an Mhuilinn
  • Brookfield
  • Céide an Chnoic
  • Clós Radharc an Mhuilinn (in aice le Ard na Mara)
  • Corrán na Mara
  • Cuas an Chaisleáin
  • Cúirt Ghort na Mara
  • Cúirt Oakleigh
  • Cúirt Ardán an Chaisleáin
  • Garrán Auburn
  • Garrán San Aindrias
  • Gráinseach Galtrim
  • Halla Ashwood
  • Iostáin Parnell
  • Lána Chionn Sáile 1
  • Lána Chionn Sáile 2
  • Lána McCreadie
  • Lána Texas
  • Lána Uí Anluain
  • Mainéar Ghort an Chaisleáin
  • Páirc na Darach
  • Páirc na Giolcaí
  • Páirc Radharc an Chaisleáin
  • Páirc San Maighréad
  • Plasóga Radharc an Mhuilinn
  • Plásóg Ashleigh
  • Plásóg Gaybrook
  • Plásóg na Coille
  • Rae an Inbhir
  • Roschoill Lawson
  • Sonesta
  • St Ives
  • Trá an Bhiséadaigh

Catagóir 2  

  • Déanfar 20% de ne ticéid chónaitheoirí saor in aisce a chur ar fáil i ngach crannchúr do theaghlaigh laistigh de cheantar Aicme 2. Is féidir le teaghlaigh as limisteár Aicme 2 cur isteach ar dhá thicéad in aghaidh an teaghlaigh. Caithfidh gach cónaitheoir Critéir na Cáilitheachta a chomhlíonadh, siad sin, Eircode fíoraithe laistigh den limistéar sannta. Nuair a chinntear go bhfuil do sheoladh incháilithe, cuirfear isteach sa chrannchur é le haghaidh ticéid saor in aisce.  

     

  • Abington 2
  • An Coinicéar
  • An Ghráinseach
  • An Meal
  • An Seanmhachaire Gailf
  • An tArd
  • Ardán San Séamas
  • Arianna Driveway
  • Áth an Mhuilinn
  • Bealach/Páirc/Ascaill Paddy
  • Bóthar an Gharráin (go dtí An tArd)
  • Bóthar an Gharráin (tar éis An tArd)
  • Bóthar an Gharráin (Thiar)
  • Bóthar Mhainéar Ghort an Chaisleáin
  • Bóthar na Mara
  • Bóthar Wright
  • Céide Seabury
  • Clós Seabury
  • Cluain an tSrutháin
  • Coill an tSrutháin
  • Corrán Seabury
  • Corrán Uí Chonghaile
  • Eachlann an Teampaill
  • Faiche Seabury
  • Garrán Mhulláin an Chaisleáin
  • Garrán/Ascaill/Radharc/Céide an Choill Dubh
  • Garrán Seabury
  • Halla na Darach (os comhair An Bhábhúin)
  • Iostáin an Rosaigh
  • Lána Bhaile an tSrutháin
  • Lána Carey
  • Lóiste Clareville
  • Lóiste Ghort an Chnocáin
  • Log an Chodlata
  • Marlaí
  • Mulláin Gainsborough
  • Myra Manor
  • Na Seiceamair
  • Old Estuary Mill
  • Paráid Seabury
  • Plasóga Ghort an Chnocáin
  • Plásóg an Gharráin
  • Plás Seabury
  • Páirc Ghort an Chnocáin
  • Páirc/Ascaill/Bóthar an Talbóidigh
  • Páirc/Plásóg/Faiche an Chorráin
  • Siúlan an Inbhir
  • Siúlan Seabury
  • Sruthán an Choill
  • Sráid na Trá
  • Cúirt Radharc an Mhuilinn
  • Cúirt Seabury
  • Cnoc an Aba

Take That          

Dé hAoine, 21ú Meitheamh

LCD Soundsystem

Dé Céadaoin, 26ú Meitheamh

Shania Twain       

Dé hAoine, 28ú Meitheamh

Sza      

Dé Céadaoin, 3ú Iúil

Nicki Minaj        

Dé Sathairn, 6ú Iúil

Arcade Fire    

Dé Domhnaigh, 7ú Iúil

       

 

Seolfar nuashonruithe maidir le ceolchoirmeacha m.sh. bainistíocht tráchta srl. ar mheáin shóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall roimh an gceolchoirm. Lean na bealaí meáin shóisialta is fearr leat chun an t-eolas is déanaí a fháil.  

Má tá riachtanais inrochtaineachta agat agus mura bhfuil tú in ann an t-iarratas ar líne a chomhlánú, glaoigh ar 01 8905000 agus iarr Roinn Oibríochtaí Bhinn Éadair agus Mhullach Íde.