Seachtain na Rothar

Tá Seachtain na Rothar 2024 ar ais ón 11 go 19 Bealtaine.

Tá fíoráthas orainn clár spreagúil imeachtaí a thabhairt duit d’Fhine Gall Seachtain na Rothar seo. Le himeachtaí scaipthe ar fud an chontae, ag freastal ar gach aois agus cumas, tá rud éigin ann a mbainfidh gach duine taithneamh as!

Féach ar bhuaicphointí Sheachtain na Rothar 2024 inár mbóisiúr pdf trí chliceáil anseo.

 

 

Bike Week joint logo
Children on bikes wearing superhero costumes

Comórtais Scoileanna Sheachtain na Rothar

Tá Rothaíocht Sárlaoich agus Tabhair do Rothar ar Scoil ar ais de bharr an éilimh!

 

Balbriggan Coastal Shot

Seachtain na Rothar i mBaile Brigín

Seachtain d’imeachtaí spreagúla do gach aoisghrúpa i mBaile Brigín. 

Children on bikes

Paráid Rothar Beaga

Deis do na rothaithe is lú a scileanna a thaispeáint! Beimid ag roathaíocht go dtí an lá spraoi teaghlaigh ar an taobh eile den pháirc.

Príomhcharrchlós, Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir.

Dé Sathairn, 11 Bealtaine

11rn

Ní gá clárú

Relaxing at Bike Week Family Fun Day

Lá Spraoi Teaghlaigh Baile Átha Cliath 15

Beidh an tob-Veileadróm Sráide, Deisiúchán Rothar, Rothaíocht Gan Aois, Treodóireacht Rothar agus go leor eile againn don teaghlach ar fad. Mar sin beir leat do rothar agus bí linn le haghaidh lá spraoiúil!

Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir

Dé Sathairn, 11 Bealtaine

11rn go 4in

Ní gá clárú

Inclusive cycling event poster

Imeacht Rothaíochta Cuimsitheach

Deis iontach chun triail a bhaint as réimse de rothair inrochana, rothair tandaim agus trírothaigh nó díreach taitneamh a bhaint as babhta rothaíochta feadh Ascaill Chesterfield, a bheidh dúnta don trácht ar feadh an imeachta.

Dé Domhnaigh, 12 Bealtaine

Timpeallán Chesterfield ag Áras An Uachtaráin, Páirc an Fhionnuisce

1in-3in

Ní gá clárú

adults cycling on bikes

Tolg go Diallait

Tar, bain sult as rothaíocht bhog, buail leis an ngrúpa mac léinn Tolg go Diallait agus foghlaim tuilleadh faoi chúrsaí amach anseo.

Dé Domhnaigh, 12 Bealtaine

Timpeallán Chesterfield ag Áras An Uachtaráin, Páirc an Fhionnuisce

1.30in

Ní gá clárú

inclusive cycling lessons 2021

Ceachtanna Rothaíochta Oideachais Speisialta

Dé Máirt, an 14 Bealtaine agus Dé Céadaoin, an 15 Bealtaine

Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir

10rn go 2in

Bike wheel highlighted by sunset

Babhta Rothaíochta Luí na Gréine

Dé Céadaoin, 15 Bealtaine

Páirc an Fhionnuisce

8in go 9in

Ní gá clárú

 

Bike Maintenance intro

Babhta Rothaíochta na hIdirbhliana

Déardaoin, 16 Bealtaine

Scoil Naomh Seosamh, An Ros

Imeacht do dhaltaí cláraithe amháin

 

Boy moving fast on BMX bike

Séisiúin Tar agus Bain Triail As do Scoileanna i BMX Leamhchán

Dé Céadaoin an 15 Bealtaine go dtí Dé hAoine an 17 Bealtaine  

Rian BMX, Páirc San Caitríona, Leamhcán

10rn go 2in.  Seisiúin 1 uair an chloig.

Do Rang a 6 agus níos sine 

Is imeacht do scoileanna amháin é seo. Ní mór do scoileanna clárú roimh ré. Cliceáil anseo chun clárú.

 

Bike and eBike

Deireadh Seachtaine Roinnt Rothar Saor in Aisce!

Dé Sathairn an 18 Bealtaine agus Dé Domhnaigh an 19 Bealtaine

Suas le 60 nóiméad saor in aisce sna haipeanna Tier agus Rothair Ghlaoire saor in aisce do gach suíomh i bhFine Gall.

Bain triail as roinnt rothar don chéad uair nó bain sult as do ghnáth-thurais saor in aisce an deireadh seachtaine seo – sinne atá ag íoc!

 

3 children on balance bikes in the woods

Cúrsa Rothair Chothromaíochta

Dé Sathairn, 18 Bealtaine

Cúrsa rothaíochta ag tosú do leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois, ag baint úsáide as rothair chothromaíochta.

Lá a haon de chúrsa 8 seachtaine. Ceachtanna gach Satharn 10rn – 11rn i bPáirc na Mílaoise.  

Níl áirithint ag teastáil don seisiún blaiste seo.

 

Connecting Cycle Infrastructure in Portmarnock

Rothaíocht Phobail Phort Mearnóg

Dé Sathairn, 18 Bealtaine

Ag bualadh ag Centra ar Bhóthar an Stáisiúin

4in go 6in

Ní gá clárú

 

New Street Malahide

Paráid Rothar Mhullach Íde

Dé Domhnaigh, 19 Bealtaine

Ag bualadh ar an tSráid Nua, Mullach Íde

11.30rn

Ní gá clárú

 

Woman on bike holding bike week promotional signage

Lá Spraoi Teaghlaigh

Dé Domhnaigh, 19 Bealtaine

Caisleán & Gairdíní Mhullach Íde

11rn go 5in

Ní gá clárú

 

Bike Week logo set