Tá tú ag teastáil do Rith Páirce Sóisearach Beartaithe ag Páirc na Mílaoise

Is éard atá i Rith Páirce Sóisearach ná sraith de rití dhá ciliméadar seachtainiúla do leanaí idir aois 4 go 14 bliana d’aois a reáchtáiltear ar fud na hÉireann agus tá an ócáid saor in aisce chun páirt a ghlacadh ann, sábháilte d’úsáideoirí agus is féidir é a chríochnú trí rith, bogshodar, nó siúl.

Tá roinnt imeachtaí rith páirce sóisearach ar fud an chontae ach níl aon cheann acu i mBaile Átha Cliath 15 agus mar sin le go dtarlóidh an rith spraoi seo tá gá againn le hoibrithe deonacha chun 1-2 uair dá gcuid ama a thabhairt ar maidin Dé Domhnaigh!

Tá foireann oibrithe deonacha ag teastáil chun an ócáid a eagrú gach seachtain. Tá sé thar a bheith éasca obair dheonach a dhéanamh agus níl aon cheann de na tascanna atá i gceist ró-strusmhar. I measc na dtascanna a d’fhéadfá a bheith bainteach leo tá: an líne chríche a eagrú, coimeádóir ama a fheidhmiú, nó barrachóid na reathaithe a scanadh le léitheoir barrachóid. Is minic a thosaíonn oibrithe deonacha le ról mar mhaoirsiú, ionas go bhfaigheann siad cur amach ar an gcaoi a fheidhmíonn Rith Páirce Sóisearach.

Déan teagmháil le do thoil más duine thú:

  • atá paiseanta faoi shláinte agus faoin bpobal.
  • atá sásta obair le foireann oibrithe deonacha.
  • atá eagraithe agus tiomanta.

Más rud é seo go mbraitheann tú a d’fhéadfá a bheith páirteach ann líon amach an léiriú spéise le do thoil: http://bit.ly/d15juniorparkrun. Beidh an Oifig Spóirt I dteagmháil le héinne a chinneann a bheith páirteach sna seachtainí atá amach romhainn. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: Gordon Ward, Oifigeach Mol Spóirt Pobail Fhine Gall, [email protected] 083-326-7071