Seoladh Cath na Leabhar i gCaisleán Shoird

Battle of the Book

Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur seoladh Cath na Leabhar sa Séipéal ag Caisleán Shoird ar maidin, Dé Céadaoin, an 16 Deireadh Fómhair.

Clár léitheoireachta é Cath na Leabhar a bheidh ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2019 go dtí Márta 2020 idir Leabharlanna Fhine Gall agus bunscoileanna laistigh de cheantar Fhine Gall. Is an-deas go bhfuil tacaíocht á tabhairt ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) don tionscnamh seo.

Tá an clár in ainm is leanaí a spreagadh chun léitheoireacht a dhéanamh, muinín a chruthú agus plé a dhéanamh ar an leabhar céanna, agus comheispéireas léitheoireachta a sholáthar a spreagfaidh léitheoireacht don saol.

Ag labhairt faoin gclár, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien; “Bealach iontach é Cath na Leabhar chun leanaí a spreagadh ní hamháin chun léamh ach chun idirghníomhú a dhéanamh lena chéile agus téamaí an leabhair a phlé agus éisteacht le léargas a chéile. Tá gliondar croí orm go mbeidh sé ar siúl arís i mbliana.”

Battle of the Book

Is é is “World War 1 – When the Lights Went Out in Europe” leis an údar áitiúil Rod Smith agus a d’fhoilsigh Poolbeg Press, an leabhar a bheidh faoi chaibidil i mbliana. Bhí Rod féin agus Paula ó Poolbeg Press i láthair chun cabhrú leis an gclár a sheoladh agus cóipeanna sínithe den leabhar a thabhairt do na daltaí, Finn Morrissey agus Chelsea Camerino, ó Scoil Náisiúnta Naomh Mearnóg.

 

Is iad na scoileanna a bheidh páirteach i mbliana Scoil Mhuire Banríon na hÉireann, Port Mearnóg, Scoil Náisiúnta Naomh Labhrás, Baile Dhúill, Scoil Náisiúnta Naomh Mearnóg, Port Mearnóg agus Scoil Náisiúnta Naomh Mairéad. Glacfaidh na leanaí páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla a a eagraíonn Leabharlanna Fhine Gall ar na téamaí a cuireadh i láthair sa leabhar.

Beidh “Cath” mar bhuaicphointe an chláir a chuirfear ar siúl go luath in 2020 in Ionad Riasc.

Críoch

Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil, le do thoil, le:

Marguerite Drake - Guthán: 01 890 5523

Nora Finnegan - Guthán: 01 890 4438

R-phost: [email protected] [email protected]