Seachtain na Rothar Díreach Ar Ais Linn!

Banner image Bike Week 2024

Beidh Seachtain na Rothar 2024 ar siúl ón Satharn an11 Bealtaine go dtí Dé Domhnaigh an 19 Bealtaine i mbliana. Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár lán de na himeachtaí is ansa leat a chur i láthair agus mórán spreagúil nua acu atá oiriúnach do gach aois agus do gach cumas na rothaíochta.

Ceiliúradh náisiúnta na rothaíochta atá í Seachtain na Rothar. Arna thosú an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus á seachadadh ag na húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann, léireoidh an tseachtain na deiseanna rothaíochta is fearr in Éirinn.

I measc na n-imeachtaí i bhFine Gall, beidh dhá lá spraoi teaghlaigh dírithe ar an rothaíocht, ceann amháin chun tús a chur leis an gceiliúradh seachtaine Dé Sathairn an 11 Bealtaine ag Páirc na Mílaoise i mBaile Bhlainséir, agus an ceann eile lená dúnadh ag Caisleán Mhullach Íde Dé Domhnaigh an 19 Bealtaine. Áireofar sna himeachtaí seo cluichí rothaíochta, cothabháil agus deisiú saor in aisce na rothar, preab-veileadróm agus scannáin rothaíochta don teaghlach uile á dtaispeáint ar an bhfaiche.

Deir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, ‘Sí Seachtain na Rothar an deis is iontaí duit dul in airde ar do rothar agus triail a bhaint as rothaíocht. Cibé an rothaí le taithí nó gan taithí dá laghad atá ionat, tá rud éigin le fáil agat ónár bhfoireann taistil ghníomhach Tá gach eolas faoi na himeachtaí cuimsitheacha saor in aisce a bheidh ar siúl i rith na seachtaine le feiceáil ag www.fingal.ie/bikeweek agus bí cinnte go nglacann páirt inti!’

 

Arsa Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly ‘Tá an taisteal gníomhach ag athrú an chaoi a dhéanann muintir Fhine Gall a gcuid turas agus sí Seachtain na Rothar an deis bhliantúil agat triail a bhaint as taithí nua na rothaíochta. Tá raon spraíúil na taithí curtha le chéile ag ár bhfoireann do pháistí eachtrúla, do núiosaigh néarógacha agus do laochra an deireadh seachtaine agus táimid ag féachaint gach bliain ar Sheachtain na Rothar agus í ag fás ina ceiliúradh níos fairsinge agus níos fearr. Tá súil againn go bhfeicimid thú ag glacadh páirte inti!’

 

Dar le David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Gníomhaigh agus Spóirt ‘Is mór iad an an méid spraoi agus an méid fhaisnéise atá ar fáil sa tSeachtain agus táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh éinne ó gach cearn d’Fhine Gall triail a bhaint as turas tríseá, as rothar a mhaisiú, as ceiliúradh a dhéanamh ar scoil, as deisiú rothair a fhoghlaim, as timthriall pobail a chur ar bun agus as páirt a ghlacadh i mórán gníomhaíochtaí eile! Ní gá duit a bheith i do rothaí le dul ar rothar i rith Seachtain na Rothar – ba mhaith linn gach éinne a fheiceáil agus iad páirteach inti.’

 

Tá gach eolas faoi na himeachtaí, chomh maith le cá háit agus cathain, le feiceáil ag www.fingal.ie/bikeweek.