Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint 2024

Tá cuireadh á thabhairt do chónaitheoirí Fhine Gall a dtuairimí a nochtadh san athbhreithniú bliantúil ar uiscí snámha an Chontae

Cúltír Donabate Beach

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.

Ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh. 

Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

 

Níl aon ghanntanas spotaí snámha iontacha i bhFine Gall le taitneamh a bhaint as, agus na limistéir snámha aitheanta reatha mar seo a leanas:

  • Trá Claremont, Binn Éadair
  • Trá An Choinicéir, Cill Fhionntain
  • An Trá Mhín, Port Mearnóg
  • Trá Bhaile Carraige, Domhnach Bat
  • An Sruthán, Port Reachrann
  • An Trá Theas An Rois
  • An Trá Thuaidh An Rois
  • Trá Loch Sionnaigh
  • An Trá Theas, Na Sceirí
  • Trá Bhaile Brigín 

Tabhair do d’aire le do thoil, cé nach bhfuil trá Mhullach Íde aitheanta mar limistéar snámha, tá garda tarrthála uirthi de réir mar a éilíonn Measúnú Riosca de chuid Shábháilteacht Uisce Éireann (Bratach Dearg Leantach).

Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú leis an gComhairle áitiúil a chinneadh cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir, d’fhéadfá cúnamh a thabhairt ach an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • Cén dóigh ar baineadh úsáid as an láthair shnámha go dtí seo;
  • Cá mhéad duine a úsáideann an láthair;
  • Cé na saoráidí atá ar fáil ag an láthair agus cé chomh hinrochtana agus atá an láthair;
  • Aon saincheisteanna sábháilteachta.

Dá mba mhaith leat an trá/an abhainn, is fearr leat a mholadh mar láthair nua uisce snámha nó dá mba mhaith leat trácht a dhéanamh ar láthair reatha, déan aighneacht ar Consultation portal  nó déan teagmháil leAn Roinn Oibríochtaí (Uiscí Snámha), Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.

Is é an 28/9/2023 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí. 

Is féidir féachaint ar thorthaí cháilíocht na n-uiscí snámha agus ar an rangú bliantúil atá déanta orthu ag www.beaches.ie. Tá tuarascáil is déanaí an EPA ar Uiscí Snámha in Éirinn ar fáil anseo: https://www.epa.ie/publications/