Ráiteas Uisce Éireann maidir le Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

Faigheann saoráid nua cóireála fuíolluisce réigiúnaigh i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath cead a cinn

Dé Céadaoin 13 Samhain 2019: Tá cead pleanála bronnta ag an mBord Pleanála le haghaidh Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath de chuid Uisce Éireann i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. A luaithe is a bheidh sé ag feidhmiú, tabharfaidh an píosa tábhachtach bonneagair seo cosaint don chomhshaol agus éascóidh sé fás inbhuanaithe tithe cónaithe agus gnóthaí nua sa réigiún.

Fágann fás réamh-mheasta ar an daonra agus gníomhaíocht thráchtála mhéadaithe go dtiocfaidh méadú breis is 50% as seo go ceann deich mbliana fichead ar an méid fuíolluisce a ghinfear i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá sé riachtanach go mbeadh an acmhainn cóireála fuíolluisce sách maith chun sláinte an phobail a chosaint, chun an comhshaol a thabhairt slán agus an fás sóisialta agus eacnamaíoch sin a éascú.

Dúirt Seán Laffey, Ceann Bainistíocht Sócmhainní: “Is díol suntais é an cinneadh pleanála a fógraíodh inniu le haghaidh fás inbhuanaithe cheantar Bhaile Átha Cliath. Tá an tionscadal Draenála riachtanach d’fhorbairt chónaithe agus thráchtála ar fud thuaisceart Bhaile Átha Cliath agus dheisceart Fhine Gall. Ní féidir tithe nua agus gnóthaí a thógáil mura mbeidh an bonneagar nua fuíolluisce ann le tacú leo. Maolódh an Tionscadal brú freisin laistigh den líonra fuíolluisce i gcoitinne. Cuideoidh sé chun a chinntiú go ndéanfar cóireáil shábháilte ar an bhfuíolluisce a ghintear gach lá inár dtithe, inár scoileanna agus inár n-ionaid oibre, i gcomhlíonadh rialacháin cóireála fuíolluisce náisiúnta agus AE.”

I bpíblíne faoi thalamh a thosóidh i mBaile Bhlainséir baileofar agus aistreofar an fuíolluisce, trí stáisiún nua caidéalaithe ag Baile an Aba, ó thuaidh den M50 chuig saoráid speisialta cóireála fuíolluisce a bheidh lonnaithe i mbaile fearainn Chluain Seach.  Cuirfear an t-uisce a ndéanfar cóireáil air ar ais go sábháilte i Muir Éireann trí phíblíne éalaithe muirí 6km ó Bhaile Dúill go dtí pointe 1km soir ó thuaidh d’Inis Mac Neasáin. 

Áirítear leis an tionscadal freisin saoráidí riachtanacha a fhorbrófar agus a chinnteoidh go reáchtálfar go héifeachtach an gléasra nua cóireála fuíolluisce. Ina measc sin beidh ionad réigiúnach cóireála sloda ag láithreán an Tionscadail agus saoráid stórála bithsholaid ghaolmhar ag an mBaile Nua gar do Chrois Chill Sheáin.

Is tosaíocht lárnach infheistíochta é seachadadh an tionscadail Draenála faoi Thionscadal Éireann 2040 agus tá sé mar phríomhchuspóir sna treoirlínte réigiúnacha agus sna pleananna forbartha áitiúla.  Bhí sé mar thosaíocht ag Uisce Éireann an mórthionscadal bonneagair seo a bhrú chun cinn ó ghlac sé freagracht as seirbhísí uisce agus fuíolluisce in 2014.  Is clochmhíle thábhachtach i seachadadh an tionscadail riachtanaigh sin cead pleanála a bheith bainte amach.

Rachaidh Uisce Éireann ar aghaidh le próiseas mionsonraithe deartha agus soláthair conraitheora anois. Ach a mbeidh sé sin déanta, táthar ag súil go dtógfaidh an chéim thógála trí bliana.

Dúirt Seán Laffey, “Táim ag iarraidh aitheantas a thabhairt don obair a rinne Comhairle Contae Fhine Gall roimhe seo chun an tionscadal Draenála a thabhairt trí na chéad chéimeanna agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine agus eagraíocht a bhí páirteach sna comhairliúcháin fhorleithne a bhí ar bun maidir leis an tionscadal seo go dtí seo.”

Tá sé beartaithe go mbeidh saoráid nua cóireála fuíolluisce réigiúnaigh agus an bonneagar gaolmhar i mbun oibre ón mbliain 2026 agus go mbeidh sé d’acmhainn aige cóireáil fuíolluisce a sholáthar do ionann is leathmhilliún duine atá ina gcónaí agus ag obair sa cheantar seo amach sa todhchaí.

Tá fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil aon cheist acu faoin tionscadal Draenála dul i dteagmháil le foireann tionscadail Uisce Éireann ag:

Teil:       1890 44 55 67 (9am-5.30pm Luan-Aoi seachas laethanta saoire bainc)

Ríomhphost:    [email protected]

Suíomh Gréasáin:     www.greaterdublindrainage.ie