Osclaíonn Comhairliúchán Poiblí ar an Scéim Coisithe agus Rothaíochta ó Chill Fhionntain go Mullach Íde

Sutton to Malahide Pedestrian and Cycle Scheme

Tá cuireadh ag Comhairle Contae Fhine Gall don phobal féachaint ar an mbealach is fearr le Scéim Coisithe agus Rothaíochta Chill Fhionntain go Mullach Íde agus freagairt a thabhairt air. Cuirfidh an taitneamhacht seo bealach sábháilte tarraingteach ar fáil chun siúl agus rothaíocht idir Cill Fhionntain, Baile Dúill, Port Mearnóg agus Mullach Íde ag nascadh daoine áitiúla le scoileanna, siopaí, gnólachtaí agus iompar poiblí. Tugann an tÚdarás Náisiúnta Iompair tacaíocht agus maoiniú don scéim 7.5km atá beartaithe agus is infheistíocht de bhreis is €20m é i bhFine Gall. Beidh an bealach ina chuid lárnach de Ghréasán Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath an NTA agus nascfaidh sé leis na háiseanna siúil agus rothaíochta atá ann cheana féin ag Glasbhealach Bhaile Dúill go Port Mearnóg agus ar aghaidh go dtí an S2S agus Bealaí Rothaíochta Lár na Cathrach Cluain Tarbh.

Tar éis Measúnuithe Féidearthachta agus Srianta agus Comhairliúcháin Phoiblí ar Roghanna Bealaí, a reáchtáladh i 2017, tá an bealach is fearr le haghaidh Comhairliúcháin Phoiblí foilsithe anois ag foireann an tionscadail.

Tabharfaidh dearadh na scéime deis do dhaoine de gach aois agus leibhéal soghluaisteachta taisteal go sábháilte idir na bailte cois cósta seo agus taitneamh a bhaint as an gcósta sárscéimhe feadh an bhealaigh.

Velvet strand

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, fáilte roimh oscailt an chomhairliúcháin. ‘Tairgfidh Scéim Coisithe agus Rothaíochta Chill Fhionntain go Mullach Íde bealach sábháilte, neamhdhíobhálach don aeráid le taisteal chuig scoil, obair nó chuig na siopaí áitiúla dóibh siúd atá ina gcónaí sa cheantar. Táim an-sásta a fheiceáil ag forbairt an bhonneagair thábhachtach rothaíochta agus siúil seo a chothaíonn stíl maireachtála sláintiúil, gníomhach agus a chothaíonn an nasc idir Cill Fhionntain, Baile Dúill, Port Mearnóg agus Mullach Íde agus a chuideoidh le tacú go hinbhuanaithe le fás na bpobal cósta seo.

Deir Stiúrthóir Pleanála & Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall, Matthew McAleese, go bhfeabhsóidh an scéim an timpeallacht áitiúil agus go gcuirfidh sé tairbhí ar fáil do chónaitheoirí, gnólachtaí agus cuairteoirí an cheantair; ‘Tabharfaidh Scéim Coisithe agus Rothaíochta Chill Fhionntain go Mullach Íde athruithe dearfacha do gach ceann de na ceantair a nascann sí, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa taisteal ó bhaile amháin go baile eile ag siúl nó ag rothaíocht chomh maith le taitneamhacht tharraingteach cois cósta ar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as, cuairteoirí chuig an gceantar san áireamh, beag beann ar a leibhéal muiníne rothaíochta. Feabhsóidh sé freisin naisc leis an ngréasán rothaíochta agus iompair phoiblí níos leithne ar fud Fhine Gall. Táimid ag tnúth le cloisteáil lena bhfuil le rá ag an bpobal faoin mbealach a thugamar ar aghaidh’.

Fanfaidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí 09 Bealtaine ionas go mbeidh deis ag gach ball den phobal a dtuairimí a roinnt. Spreagtar iad siúd ar spéis leo aighneacht a dhéanamh cuairt a thabhairt ar  áit ar féidir leo miondearthaí scéime a fheiceáil agus a gcuid tuairimí a roinnt. Glacfar le haighneachtaí poist chomh maith agus tá sonraí faoi conas a leithéid d’aighneacht a dhéanamh ar fáil ar líne freisin. Má dhéanann siad aighneacht poist moltar don phobal í a mharcáil go soiléir mar fhreagra ar Scéim Coisithe agus Rothaíochta Chill Fhionntain go Mullach Íde. Ní mór gach aighneacht a bheith faighte tráth nach déanaí ná 23.59 uair, 09 Bealtaine 2022.

Tar éis don Chomhairliúchán Poiblí seo a bheith dúnta ar 09 Bealtaine, breithneoidh an fhoireann tionscadail na haighneachtaí go léir agus iad ag tabhairt chun críche an réamhdhearadh don scéim. Táthar ag súil go gcuirfear iarratas pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála i 2023.

Portmarnock village centre

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, an bhileog faisnéise poiblí a léamh nó clárú le haghaidh webinar ag https://www.fingal.ie/suttontomalahide

View of entrance to Malahide at the green from scheme