O’Doherty ag díriú ar Chraobh Domhanda na Scuaise

Tar éis di Craobh na hEorpa a bhaint amach tá an t-imreoir scuaise Orla O'Doherty arb as Port Mearnóg di ag díriú anois ar chraobh domhanda a bhuachan ag an gComórtas Domhanda sa Pholainn an bhliain seo chugainn.

Orla O'Doherty

Tar éis di Craobh na hEorpa a bhaint amach tá an t-imreoir scuaise Orla O'Doherty arb as Port Mearnóg di ag díriú anois ar chraobh domhanda a bhuachan ag an gComórtas Domhanda sa Pholainn an bhliain seo chugainn.

I mbliana, tá Craobhchomórtas Máistreachta na hEorpa buaite cheana féin ag Orla atá 48 bliana d'aois chomh maith le Máistrí Oscailte na hÉireann, na Spáinne, na Slóivéine, na Breataine agus Mhálta. Tá sí ar an tríú duine is fearr in Éirinn ar an iomlán agus i mí na Bealtaine seo caite ba í an bhean ba shine riamh í a roghnaíodh le himirt dÉirinn, agus gan a triúr comhimreoirí ach 18, 18, agus 22 bhliain d'aois!

Tá a gaiscí le déanaí níos suntasaí arís mar ní ndearna Orla cinneadh tabhairt faoi chomórtais arís ach arú anuraidh agus admhaíonn sí gur chinneadh glic é sin aici.

“Bhain me sult mór as filleadh ar chomórtais mar dhuine difriúil anois ná an duine a bhí ionam 20 bliain ó shin. Bhí mé i gcónaí i mo phleidhce , rud a thaitin leis an lucht féachana, ach anois tá an chothromaíocht cheart suilt dom féin aimsithe agam nuair a imrím. Tá mé ag imirt an scuaise is fearr is a d'imir me riamh agus táim ag baint suilt as gach nóiméad. ”

Ba chomrádaí dílis d'Orla i gcónaí i an Scuais ón uair a phioc sí a céad raicéad suas agus ba é bunú Club Spóirt agus Fóillíochta Phort Mearnóg go luath sna 1980idí a bhí mar spreagadh di a saol a chaitheamh ag imirt an spóirt sin.

“D'fhás mé aníos i bPort Mearnóg agus bhí mo thuismitheoirí ina mball de Chlub Spóirt agus Fóillíochta Phort Mearnóg, áit ar thosaigh mé ag imirt scuaise agus mé 10 mbliana d'aois. D'imir me ar son na hÉireann ag dhá chraobh shóisearacha dhomhanda in 1987 agus in 1989, agus ansin chuaigh mé i mbun gairme mar imreoir gairmiúil go dtí 1993 nuair a bhuaigh mé cárta glas sa chrannchur agus bhog mé go dtí na SA, ”A dúirt Orla le Fingal.ie.

 “Chaith mé 23 bliain i Meiriceá ag cóitseáil in ollscoileanna agus i gclubanna spóirt príobháideacha. D'fhill mé ar Phort Mearnóg i mí Feabhra 2015 agus shocraigh mé isteach go tapa mar chóitseálaí scuaise agus mar theagascóir aclaíochta. Tá os cionn 75 páiste agam ag imirt anois ó scoileanna áitiúla agus tá pobal bríomhar aosach ann freisin."

“Is é mo shaol é, is e an t-aon rud a bhfuil a fhios agam conas é a dhéanamh. Tá an spórt aonair an-tábhachtach domsa. Níl aon duine ann seachas mé féin chun an milleán uirthi a chur nó í a mholadh as caillteanas nó bua. Is maith liom an brú ar fad a chur orm féin. Tá an pobal scuaise ar fud an domhain dochreidte agus tá a fhios agam, is cuma cá rachaidh me, go mbeidh cara agus áit le fanacht agam." 

“Is breá liom boladh na gcúirteanna, fuaim phlab na liathróide, agus an tuirse an-aoibhinn a mhothaím tar éis cluiche crua, bíodh sé buaite nó caillte. Níl aon rud ann atá cosúil leis. Tá sé go smior ionam. Ceapaim go roghnaíonn scuaise daoine aite. Níor bhuail mé riamh le himreoir nár bhain mé taitneamh as a chomhluadar. Tá sé ráite in iris Forbes gurb í an spórt is sláintiúla ar domhan í agus gur féidir fáil réidh le suas le 800 calra i gceann uair an chloig.”

Rinne Orla cinneadh páirt a ghlacadh arís i gcomórtais ag na leibhéil scuaise is airde dhá bhliain ó shin i ndiaidh di dhá thinneas shuntasacha a fhulaingt agus fonn uirthi athruithe saoil dearfacha a dhéanamh. Is éard a bhí i gceist leis na hathruithe seo ná oibriú ar láidreacht agus ar aclaíocht le hiar-chúl bháire na mBan agus sárimreoir Bhaile Átha Cliath Cliodhna O'Connor, leis an saineolaí cothúcháin  Daniel Davy agus an fisiteiripeoir Alan Doyle chun an riocht ceart chun dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde a bhaint amach mar is é 35 an aois iontrála do chomórtais na Máistrí.

Orla O'Doherty 2

“Thosaigh mé ag obair le Cliodhna O'Connor a chuir clár nirt agus aclaithe le chéile dom agus a dhéanann cóitseáil orm anois ó thaobh na feidhmíochta de roimh agus i rith mo chomórtais. Is a bhuí lena treoir agus lena comhairle go bhfuil ag éirí chomh maith liom ."

“D'éirigh liom mo dheimhniú féin in oiliúint phearsanta a bhaint amach trí Fitcert, clár ITEC a ligeann dom oibriú i seomraí aclaíochta ar fud an domhain. Thosaigh mé ag déanamh staidéir ar chumhacht na hoiliúna intinne mar a bhaineann se le comórtais freisin, trí chlosleabhair. D'fhoghlaim mé teicnící machnaimh agus scileanna éagsúla a chuidigh liom a bheith níos muiníní agus níos suaimhní le linn comórtas."

“Thosaigh mé ag obair le saineolaí cothúcháin  Daniel Davy, agus leanaim ag obair leis. Chuir oideachas orm faoi chumhacht an chothaithe fheidhmíochta. Táim ag ithe níos mó anois ná riamh agus táim ag staidéar cúrsa ar líne le Optimum Nutrition faoi láthair."

“Rogha thábhachtach eile a rinne mé ná buaileadh go rialta le m'fhisiteiripeoir Alan Doyle, dhá uair sa mhí. D'fhoghlaim mé go dteastaíonn cothabháil ó lúthchleasaithe na Máistrí! Mar sin, fiú mura bhfuil aon mhionphian nó gortú agam, beidh seisiún fós agam le Alan fiú mura bhfuil i gceist ach suathaireacht spóirt nó obair shoghluaisteachta."

“Chomh maith leis sin, táim ag traenáil le hEoin Ryan anois thall ag Cill Fhiontain LTC. Is dócha gurb é Eoin an cóiste scuaise is rathúla in Éirinn agus tá timpeallacht cruthaithe aige dom a ligeann dom dul san iomaíocht leis na fir ag leibhéal na  chéad roinne agus na príomhroinne. Tá Eoin ag obair liomsa freisin chun mealladh a fhorbairt i mo chluiche, rud atá ina ábhar spéise dom féin agus mé ag an aois seo. Ní úsáideann ach líon beag ban an mealladh go nádúrtha ach tá sé ag obair go maith domsa le dhá imeacht anuas."

“Mar sin, tríd is tríd, tá foireann an-mhaith agam i gCliodhna, Eoin, Alan agus Daniel agus táim an-bhródúil as a bheith ar ais i bPort Mearnóg, áit ar thosaigh mé agus as a bhfuilim ag iarraidh mo sprioc Craobhchomórtais Mháistrí an Domhain a bhaint amach an bhliain seo chugainn."

Is contae iontach spórtúil é Fine Gall agus is iomaí deis atá ann do chónaitheoirí páirt a ghlacadh i réimse leathan spóirt lena n-áirítear scuais atá de réir Orla, i lár athbheochana ar fud an chontae.

“I ndáiríre, cé nach bhfuil ach cúirt amháin againn i bPort Mearnóg, tá ag éirí go han-mhaith linn. Tá breis is 75 pháiste agam anois ó na scoileanna áitiúla. Ach tá deis ollmhór ann 10 n-oiread an méid sin a bheith againn. Is í mo sprioc agus mo bhrionglóid áis nua a fhorbairt i bPort Mearnóg agus cúig nó sé chúirt inti."

Tá cúig chúirt ag club Eoin i gCill Fhionntain agus iad lán chuile lá le 300 páiste agus an líon céanna daoine fásta ann freisin. Labhair mé le hEoin agus aontaíonn an bheirt againn dá dtógfaí áis nua go dtiocfadh linn comórtais náisiúnta, comórtais ghairmiúla, agus foirne náisiúnta a reáchtáil le chéile. Táim ag diúltú  do dhaoine mar nach bhfuil ach cúirt amháin agam. "

Rinne Orla agallamh le déanaí leis an bpodchraoladh Off the Ball Off the Bench agus is féidir breathnú air anseo: https://youtu.be/kcHrlit1Grk