Léiríonn plean nua tiomantas leanúnach Fhine Gall maidir le gníomhú ar son na haeráide

Seoladh Plean nua Gníomhaithe ar son na hAeráide d'Fhine Gall 2024-2029 a thugann breac-chuntas ar ghníomhartha nuálacha um oiriúnú agus maolú aeráide a bhfuil sé i gceist ag an gComhairle a ghlacadh as seo go ceann cúig bliana agus í ag iarraidh réigiún níos athléimní ó thaobh na haeráide de a dhéanamh den chontae.

Fingal's Climate Action Plan (2024-2029) sets out mitigation and adaptation measures, to create a low carbon and climate resilient County.

Seoladh Plean nua Gníomhaithe ar son na hAeráide d'Fhine Gall a thugann breac-chuntas ar ghníomhartha nuálacha um oiriúnú agus maolú aeráide a bhfuil sé i gceist ag an gComhairle a ghlacadh as seo go ceann cúig bliana agus í ag iarraidh réigiún níos athléimní ó thaobh na haeráide de a dhéanamh den chontae.

Cuimsíonn an plean 2024-2029, a léiríonn tiomantas leanúnach Fhine Gall do ghníomhú ar son na haeráide, sé phríomhréimse téama, is iad sin: Fuinneamh & Foirgnimh; Iompar; Athléimneacht Tuilte; Réitigh Dúlrabhunaithe; Geilleagar Ciorclach & Bainistíocht Acmhainní; agus Rannpháirtíocht an Phobail.

Dúirt Méara Chomhairle Contae Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Tá sé tábhachtach go bhfanfaidh Fine Gall ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus is é sin an fáth a bhfuil ríméad orm a bheith in ann plean a sheoladh a leanann lenár n-iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus dul i ngleic leis na coinníollacha sin a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dár gcomhshaol. Tá áthas ar leith orm a fheiceáil go bhfuil an chaibidil um rannpháirtíocht an phobail san áireamh sa leagan seo den phlean a léiríonn ár dtiomantas chun freagracht agus comhoibriú comhroinnte a chothú le páirtithe leasmhara éagsúla ar fud an chontae."

Dúirt an Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, an Roinn Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt, Comhairle Contae Fhine Gall, David Storey: “Tá ríméad orm gur ceadaíodh Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide Fhine Gall 2024-2029. Leagtar amach sa phlean seo conas a bheartaíonn Comhairle Contae Fhine Gall gníomhaíochtaí aeráide uaillmhianacha, intomhaiste agus éifeachtacha a sheachadadh trí rannpháirtíocht, forbairt acmhainní agus ceannaireacht. Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú agus ag obair i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath, CARO agus Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, CODEMA lena chinntiú go nglacfaimid cur chuige comhroinnte i leith gníomhú ar son na haeráide”.

Tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle Contae Fhine Gall ailínithe le Cuspóir Náisiúnta Aeráide foriomlán an Rialtais mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide náisiúnta, a fhéachann leis an aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus neodrach ó thaobh na haeráide de a shaothrú agus a bhaint amach, tráth nach déanaí ná deireadh 2050.

Tá cóip de Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle Contae Fhine Gall agus tuarascálacha comhshaoil gaolmhara ar fáil lena bhreathnú ag an bpobal ón Luan an 11 Márta go dtí an Aoine an 12 Aibreán 2024 ag na háiteanna seo a leanas:

  • Ar líne trí láithreán gréasáin na Comhairle: https://www.fingal.ie/
  • I Halla an Chontae, an tSráid Mhór, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath (K67 X8Y2) Luan go Déardaoin (gan Laethanta Saoire Bainc san áireamh) idir 9am go 5pm agus Dé hAoine 9am go 4:30pm.
  • In Oifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, D15, (D15 W638) Luan go Déardaoin (gan Laethanta Saoire Bainc san áireamh) idir 9am agus 5pm agus Dé hAoine 9am go 4:30pm.

 

Climate Action Plan 2024-2029 Targets.jpg

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig: Climate Action Plan 2024-2029 | Fingal County Council