Iarrann Fine Gall ar an bpobal a gcuid tuairimí a roinnt ar Ionad Pobail bheartaithe Bhaile Dúill

Tá áis cheannródaíoch a dearadh le haghaidh spiorad an phobail a chothú agus le haghaidh cáilíocht na beatha a fheabhsú do chónaitheoirí Bhaile Dúill agus don cheantair máguaird nochtaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Baldoyle Community Centre 3D view from ground level

Féach an nasc chuig an gcomhairliúchán poiblí: Consult.fingal.ie Dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí 19 Eanáir, 2024, 5:00pm

Tá áis cheannródaíoch a dearadh le haghaidh spiorad an phobail a chothú agus le haghaidh cáilíocht na beatha a fheabhsú do chónaitheoirí Bhaile Dúill agus don cheantair máguaird nochtaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Cabhróidh an tionscadal uaillmhianach seo le leibhéal nua gníomhaíochtaí na háineasa, an oideachais agus an spóirt a chur ar fáil i gcroílár Bhaile Dúill chomh maith le spás an phobail laistigh de Pháirc ollmhór an Ráschúrsa. Feidhmeoidh Ionad nua an Phobail mar spriocphointe don phobal agus an suíomh á chlaochlú aige go saoráid úrscothach ina mbeidh halla spóirt, seomraí iomadúla an phobail, áiseanna gléasta agus feabhsuithe an tírdhreacha lena mbaineann.

Leis an mbéim curtha ar na inbhuanaitheacht agus an rochtain mar chroílár de, beidh díon glas agus gairdín báistí mar chuid d'Ionad an Phobail, rud a chuirfidh leis an mbithéagsúlacht agus le caighdeán na héiceolaíochta. Laghdaíonn dearadh ciorclach molta an Ionaid an cur isteach amhairc ar an gceantar máguaird. Cé go mbeidh 28 spás páirceála ar fáil ann, spreagann an Lárionad modhanna inbhuanaithe an iompair  le mórán páirceáil rothar a chur ar fáil, lena n-áirítear iad siúd do rothair leictreacha, do rothair lastais agus do scútair.

I measc na ngnéithe a mbeidh ar fáil san fhoirgneamh chioclach nua-dheartha ar íosfhuinneamh, tá:

  • Lárhalla spóirt a d’fhéadfadh suas le trí chúirt a chur ar fáil;
  • Ceithre sheomra an phobail/ilfheidhme/stiúideo/cruinnithe;
  • Seomraí feistis le rochtain sheachtrach orthu, chomh maith le seomraí ar leith do réiteóirí;
  • Carrchlós chun freastal ar spásanna inrochtana/mhíchumais agus le pointí luchtaithe na bhfeithiclí leictreacha.

Agus an pobal á spreagadh aige a gcuid tuairimí ar an togra a roinnt, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Feidheoidh ionad nua an phobail agus an spóirt i mBaile Dúill mar shócmhainn iontach do mhuintir na háite agus do chuairteoirí orainn araon, ag cuidiú le teacht an phobal faoi bhláth. Beidh an tsaoráid seo, atá ag teastáil go géar, ina chroílár na ngarchomharsanachta agus ag freastal ar riachtanais mhuintir na háite trí ról ríthábhachtach a imirt chun daoine a thabhairt le chéile agus á spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an phobail, rud a chuideoidh le pobail iolpháirteacha, bhríomhara agus shábháilte a chruthú.”

Mórthimpeall an ionaid áineasa, beidh cosáin atá oiriúnach do choisithe agus do rothaithe ar fáil chun an taisteal gníomhach a chur chun cinn laistigh den phobal. Ina theannta sin, déanfar feabhas a chur ar an gceantar le gairdíní tírdhreachtaithe.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ó dhearadh an fhoirgnimh go dtí an tírdhreach mórthimpeall ar a mbeidh sé suite, tá an-fonn orainn tuairimí gach éinne a chloisteáil ar an méid atá beartaithe. Léiríonn an tionscadal seo an gealltantas againne i dtaobh cur le saol na gcónaitheoirí i mBaile Dúill faoi láthair agus amach anseo a fheabhsú, agus creidimid go n-eéireoidh sé go tapa i mol na ngníomhaíochtaí agus na seirbhísí a bhfreastalaíonn ar gach aois agus ar gach cumas.”

Ionas go bhfreastalóidh sé i gceart ar riachtanais dhaonra an cheantair atá ag fás go tapa, tá an t-ionad nua dírithe ar áiseanna agus ar bhonneagar ar ardchaighdeáin a chruthú a chothaíonn rannpháirtíocht an phobail ann. Díríonn an suíomh straitéiseach aige ar dhobharcheantar fairsing a chinntíonn go mbeidh rochtain air ag gach cónaitheoir laistigh de shiúlóid 10 nóiméad.

Dar le Paul Carroll, Stiúrthóir Gníomhach Roinn Tithíochta agus an Pobail: “Cuireann sé áthas ar Roinn Forbarit an Phobail a bheith i gceannas ar sholáthar áis úrscothach seo an phobail do mhuintir bhríomhar agus éagsúil ar fhás tapa againn i mBaile Dúill. Ní hamháin go bhfeabhsóidh an tsaoráid na pobail nua sa ceantar máguaird ach tabharfaidh sé deis don rannóg forbairt an phobail oibriú ar phobal láidir inbhuanaithe a thógáil trí dhaoine agus trí grúpaí na gceantar máguaird a thabhairt le chéile ar mhaithe le forbairt an phobail ina iomlán.”

Féach an nasc chuig an gcomhairliúchán poiblí: Consult.fingal.ie Dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí 19 Eanáir, 2024, 5:00pm

Proposed Baldoyle Community Centre aerial image