Foilsíonn an ÚNI suirbhé ar siúl, ar rothaí agus rothaíocht i mBaile Átha Cliath

Generic banner image WACI report 2024

Baineann siúl agus rothaíocht 530,000 gluaisteán ó bhóithre Bhaile Átha Cliath gach lá, de réir an Innéacs Siúil agus Rothaíochta.

Déanann 71% de dhaoine fásta i mBaile Átha Cliath siúl nó a gcathaoir rothaí a úsáid le taisteal ar a laghad cúig huaire sa tseachtain, rothaíonn 25% ar a laghad uair sa tseachtain

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair inniu na torthaí ar a suirbhé is déanaí ar shiúl, cathaoir rothaí a úsáid agus rothaíocht i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath, ina nochtar go ndéanann 71% de chónaitheoirí siúl nó cathaoir rothaí a úsáid le taisteal (a chiallaíonn cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta a úsáid) ar a laghad cúig huaire sa tseachtain, ar méadú é seo ó 64% in 2021, agus rothaíonn 25% de chónaitheoirí ar a laghad uair sa tseachtain.

Cuirtear an measúnú is faide a rinneadh riamh in Éirinn san Innéacs Siúil agus Rothaíochta ar thaisteal trí shiúl, rothaíocht agus cathaoir rothaí. Cuirtear ar fáil é i gcomhoibriú le húdaráis áitiúla i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus leis an gcarthanas iompair inbhuanaithe Sustrans.   Tá tuarascálacha Innéacs á bhfoilsiú inniu den chéad uair freisin ag an tráth céanna le hInnéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath ag Limistéir Chathrach Corcaí, Luimnigh/na Sionainne, na Gaillimhe agus Phort Láirge.  Tá a dtuarascálacha á bhfoilsiú freisin inniu ag 18 réigiún cathrach sa Ríocht Aontaithe, Learpholl, Manchain, agus Glaschú san áireamh.

Suirbhé ionadaíoch ar bhreis agus 1,100 cónaitheoir

Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath bunaithe ar shuirbhé neamhspleách a dhéanann ionadaíocht dhéimeagrafach ar bhreis agus 1,100 cónaitheoir ó áiteanna ar fud Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath, atá 16 bliana d’aois agus níos sine, ní hamháin iad siúd a shiúlann, a úsáideann cathaoir rothaí nó rothaíonn. Tá i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath limistéar ó Dhomhnach Bat i bhFine Gall go dtí na Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin sa deisceart, agus chomh faide siar le Cill Choca i gContae Chill Dara.

Bhí 74% i bhfabhar infheistíocht bhreise a dhéanamh i siúl agus i gcathaoir rothaí a úsáid

Nochtar ann go bhfuil 74% i bhfabhar infheistíocht bhreise a dhéanamh i dtaisteal trí shiúl agus cathaoir rothaí, aníos ó 61% in 2021 agus go bhfuil 66% de chónaitheoirí i bhfabhar infheistíocht bhreise a dhéanamh i rothaíocht ó 63% in 2021. Cuirtear seo i gcomparáid le 24% ar mhaith leo go ndéanfaí infheistíocht bhreise do thiomáint anuas ó 37% in 2021. Nochtar seo agus éileamh méadaitheach ar thaisteal gníomhach agus léirigh 49% gur mian leo siúl nó cathaoir rothaí a úsáid níos mó amach anseo, agus léirigh 39% gur mian leo rothaíocht níos mó.

Príomhthorthaí

Príomhthorthaí ó Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2023 Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath

  • Siúlann 71% de chónaitheoirí fásta 5 lá nó níos mó sa tseachtain, agus úsáideann 47% gluaisteán 5 lá nó níos mó sa tseachtain
  • Rothaíonn 25% de dhaoine fásta uair sa tseachtain, ar a laghad.
  • Tacaíonn 72% de chónaitheoirí le raonta rothar a thógáil atá scartha go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe fiú nuair a bhíonn níos lú spás ann do thrácht eile dá bharr.
  • Baineann na daoine siúd a shiúlann agus a rothaíonn beagnach 530,000 gluaisteán ón mbóthar i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath gach lá. Dá mbeadh na gluaisteáin seo i scuaine thráchta, bheadh scuaine 2,500 ciliméadar ann, arb ionann sin agus breis agus 9 n-uaire an fad ó Chathair Bhaile Átha Cliath go Cathair Chorcaí.
  • Cruthaíonn cónaitheoirí a shiúlann, a rothaíonn agus a thaistealaíonn ina gcathaoir rothaí tairbhe bhliantúil gheilleagrach do dhaoine aonair agus do Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath arb ionann agus €2.39 billiún í.
  • Déanann siúl, taisteal i gcathaoir rothaí agus rothaíocht i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath €64.5 milliún a choigilt ar FSS, suim atá comhionann le costas breis agus 1,170,000 coinne le dochtúir.
  • Déanann iad siúd a shiúlann, a rothaíonn agus a thaistealaíonn ina gcathaoir rothaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a choigilt atá comhionann le 1.69 milliún eitilt ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go hAerfort Heathrow i Londain.
  • Tá glantairbhe gheilleagrach €1.48 le baint do gach ciliméadar a rothaítear seachas a thiomáintear agus tá glantairbhe gheilleagrach €1.01 ann do gach ciliméadar a shiúltar seachas a thiomáintear.
  • I measc na 23 réigiún cathrach san Innéacs, tá ceann de na leibhéil is airde i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath de chónaitheoirí ann a shiúlann, a rothaíonn agus a thaistealaíonn ina gcathaoir rothaí 5 lá sa tseachtain nó níos mó
  • Tháinig méadú mór ar chónaitheoirí breacaosta a thugann faoi thaisteal gníomhach – taistealaíonn 74% de chónaitheoirí níos sine ná 66 bliain d’aois trí shiúl nó cathaoir rothaí ar a laghad 5 lá sa tseachtain, ar méadú é seo ó 54% in 2021, agus rothaíonn 12% de chónaitheoirí níos sine ná 66 bliain d’aois ar a laghad uair sa tseachtain, aníos ó 10% in 2021.

 

Tairbhí Comhshaoil

Déanann cónaitheoirí a d’fhéadfadh gluaisteán a úsáid beagnach 530,000 turas fillte siúil agus rothaíochta gach lá i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath. Dá mbeadh na gluaisteáin seo go léir i scuaine thráchta, bheadh scuaine 2,500 ciliméadar ann, arb ionann sin agus breis agus 9 n-uaire an fad ó Chathair Bhaile Átha Cliath go Cathair Chorcaí.

Deimhníodh sa tuarascáil freisin go ndéanann siúl, taisteal i gcathaoir rothaí agus rothaíocht 120,000 tonna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a choigilt i mBaile Átha Cliath gach bliain, arb ionann sin agus thart ar 1,690,000 cónaitheoir ag eitilt ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go hAerfort Heathrow i Londain.

 

Tairbhí Sláinte agus Uileghabhálacht 

Tugtar cuntas ar na tairbhí a chruthaíonn siúl agus rothaíocht do Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath sa tuarascáil, agus cuireann na tairbhí fisiciúla gníomhaíochta coirp a chruthaíonn siúl, taisteal i gcathaoir rothaí agus rothaíocht cosc ar 4,373 riocht sláinte tromchúiseach fadtéarmach gach bliain, ar a bhfuil luach thart ar €64.5 milliún – suim atá comhionann le costas breis agus 1,170,000 coinne le dochtúir.

Taispeánadh san Innéacs gurb éagsúil roghanna taistil cónaitheoirí agus a ndearcthaí i leith siúil, taisteal i gcathaoir rothaí, agus rothaíochta idir grúpaí éagsúla. Deimhníodh go dtaistealaíonn 64% de chónaitheoirí faoi mhíchumas trí shiúl nó cathaoir rothaí ar a laghad cúig lá sa tseachtain i mBaile Átha Cliath, ar méadú é seo aníos ó 53% in 2021, agus taistealaíonn 71% de chónaitheoirí nach bhfuil faoi mhíchumas trí shiúl nó cathaoir rothaí. Rothaíonn 17% de chónaitheoirí faoi mhíchumas ar a laghad uair sa tseachtain, i gcomparáid le 26% nach bhfuil faoi mhíchumas. Cé go dtaistealaíonn 72% de mhná agus 69% d’fhir trí shiúl nó trí chathaoir rothaí a úsáid ar a laghad cúig lá sa tseachtain, tá bearna inscne níos mó ann maidir le rothaíocht, agus rothaíonn 35% d’fhir ar a laghad uair sa tseachtain, i gcomparáid le 16% de mhná. Tháinig méadú mór, a fháiltítear, ar chónaitheoirí breacaosta a thugann faoi thaisteal gníomhach – taistealaíonn 74% de chónaitheoirí níos sine ná 66 bliain d’aois trí shiúl nó cathaoir rothaí ar a laghad 5 lá sa tseachtain, ar méadú é seo ó 54% in 2021, agus rothaíonn 12% de chónaitheoirí níos sine ná 66 bliain d’aois ar a laghad uair sa tseachtain, aníos ó 10% in 2021.

woman and man walking on pedestrian street, pushing a child in a pram

Na Rudaí a Deir Cónaitheoirí a Chabhróidh leo Siúl nó Rothaíocht Níos Mó

Nuair a fiafraíodh díobh cad a chabhródh leo siúl nó taisteal níos mó i gcathaoir rothaí, teastaíonn dromchlaí níos fearr cosáin ó chónaitheoirí i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath, colbhaí íslithe ag pointí trasnaithe, áiteanna níos deise feadh sráideanna le stopadh agus sos a ghlacadh, agus níos mó rudaí le feiceáil agus le déanamh i ngar don bhaile, cosúil le caiféanna nó ionaid siamsaíochta.  Nuair a fiafraíodh díobh cad a chabhródh leo rothaíocht níos mó, teastaíonn feabhsúcháin bhonneagracha ó chónaitheoirí cosúil le cosáin atá saor ó thrácht trí pháirceanna nó glasbhealaí, rotharbhealaí ar a bhfuil comharthaíocht feadh sráideanna níos ciúine, agus raonta rothar feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe.

Tá fianaise ann freisin go dtacaíonn cónaitheoirí le níos mó bonneagar cosanta rothar a fhorbairt laistigh de Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus tacaíonn 72% de chónaitheoirí le níos mó raonta rothar a thógáil atá scartha go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe, fiú nuair a bhíonn níos lú spás ann do thrácht eile dá bharr.

Áit Níos Fearr le Cónaí ann a Chruthú 

Aithníonn cónaitheoirí i mBaile Átha Cliath chomh maith an tábhacht a bhaineann le comharsanachtaí inchónaithe. Aontaíonn 73% go bhfeabhsódh spás a mhéadú do chónaitheoirí chun sóisialú, siúl, taisteal i gcathaoir rothaí, agus rothaíocht ar a bpríomhshráid áitiúil a gceantar áitiúil. Tacaíonn 82% de chónaitheoirí le comharsanachtaí a chruthú ina bhfuil grúpaí sráideanna, agus príomhbhóithre timpeall orthu, ina laghdaítear an trácht mótarfheithiclí a ghabhann tríothu go mór – tugtar comharsanachtaí ísealtráchta orthu. Tacaíonn 87% le comharsanachtaí 20 nóiméad a chruthú – comharsanachtaí inarb éasca ar dhaoine freastal ar mhórchuid a riachtanas laethúil laistigh de shiúlóid fhillte 20 nóiméad.

 

Tairbhí Geilleagracha an Taistil Ghníomhaigh 

Deimhníodh sa tuarascáil freisin go gcruthaíonn siúl agus rothaíocht tairbhe bhliantúil gheilleagrach do dhaoine aonair agus do Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath arb ionann agus €2.39 billiún í. Áirítear leis seo glantairbhe gheilleagrach €1.48 do gach ciliméadar a rothaítear seachas a thiomáintear agus tá tairbhe €1.01 ann do gach ciliméadar a shiúltar seachas a thiomáintear. Deimhníodh na costais seo trí anailís ar am taistil, costais oibriúcháin feithicle, tairbhí sláinte, cáilíocht an aeir agus cánachas.

 

Déantar 530,000 turas fillte taistil ghníomhaigh gach lá i Limistéar na Cathrach

Dúirt Anne Graham, POF an NTA: “Mar chuid den suirbhé is mó ar shiúl, taisteal i gcathaoir rothaí, agus rothaíocht in Éirinn, tá an-áthas orainn tríú hInnéacs Siúil agus Rothaíochta Bhaile Átha Cliath a fhoilsiú. Tá an NTA ag obair le cúpla bliain anuas le húdaráis áitiúla fud fad na tíre, i mBaile Átha Cliath san áireamh, le bonneagar sábháilte do choisithe agus rothaíochta a sholáthar a spreagann níos mó daoine chun tabhairt faoi thaisteal gníomhach.

“Is soiléir ón Innéacs is déanaí gur mian le níos mó daoine inár bpríomhchathair rothaíocht agus siúl gach lá. Déanann daoine a d’fhéadfadh gluaisteán a úsáid 530,000 turas fillte taistil ghníomhaigh gach lá i Limistéar na Cathrach. Glacann na turais seo le ról ríthábhachtach i gcabhrú le cathair níos inbhuanaithe agus níos inchónaithe a chruthú. Ábhar spreagtha é freisin a fheiceáil gur fearr i bhfad le cónaitheoirí níos mó ná riamh go ndéanfar infheistíocht leanúnach i dtaisteal gníomhach agus in iompar poiblí sa réigiún.

“Trí dhaoine a spreagadh taisteal gníomhach a dhéanamh mar chuid dá n-aistear laethúil, is féidir linn go léir ár bpáirt a ghlacadh i dtodhchaí níos inbhuanaithe a chruthú. Leanfaidh an NTA le dlús a chur lenár n-iarrachtaí le bonneagar siúil agus rothaíochta a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile ar fud na hÉireann.”

Is féidir teacht ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath anseo.