An Foilseachán Swords Castle: Digging History Seolta

Tá torthaí tionscnamh seandálaíochta pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, Swords Castle: Digging History, foilsithe ag Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, mar imleabhar cuimsitheach.

Launch of Swords Castle Living History

Tá torthaí tionscnamh seandálaíochta pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, Swords Castle: Digging History, foilsithe ag Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, mar imleabhar cuimsitheach. Tá an tionscadal ceannródaíoch seo, ina raibh baill den phobal ag obair le seandálaithe gairmiúla faoi stiúir Christine Baker, ina shamhail anois do thionscadail seandálaíochta pobail ar fud na tíre.

Bhí Caisleán Shoird ina mhórionad riaracháin tráth, agus é mar cheanncheathrú eastát ollmhór Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. Tá torthaí na dtochailtí seandálaíochta mionsonraithe agus curtha i gcomhthéacs stair Shoird agus mhuintir Shoird san fhoilseachán Swords Castle Digging History: Excavations 2015-17 arna sheoladh ag Méara Fhine Gall ag ócáid speisialta sa séipéal álainn i gCaisleán Shoird.

Dar le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: Bhí spéis ar leith agam i ngné phobail an tionscadail seo. Ba rud speisialta ar fad é daoine a thabhairt le chéile chun dul ag obair i dtreo comhchuspóra ar an suíomh iontach seo agus b’fhiú go mór a leithéid a dhéanamh arís.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: 'Tá bród orainn anseo i gComhairle Contae Fhine Gall go rabhamar ar thús cadhnaíochta i dtionscadail seandálaíochta pobail in Éirinn. Léiríonn torthaí na dtochailtí pobail an luach a bhaineann leis na tionscadail seo agus tá sé thar a bheith oiriúnach go bhfuil Caisleán Shoird i gcroí lár an bhaile contae agus Cheathrú Cultúrtha Shoird.' 

Dúirt Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall: 'Léiríonn Swords Castle Digging History: Excavations 2015-17 an méid a chuireann sé leis an bpobal nuair a théann pobail i mbun oibre go díreach lena stair féin. Sainaithníodh reiligí, aimsíodh ballaí, fuarthas na mílte déantán agus fuair muintir Shoird an deis scéalta na ndaoine a d’úsáid Caisleán Shoird leis na céadta bliain anuas a insint agus a léiriú’. 

Agus ionadaíocht á déanamh aici ar an gComhairle Oidhreachta, a thug tacaíocht don tionscadal agus don fhoilseachán, dúirt Fionnuala May, “Tá Clár na nOifigeach Oidhreachta ar cheann de na comhpháirtíochtaí is tábhachtaí atá ag an gComhairle Oidhreachta le hÚdaráis Áitiúla. Is sampla den scoth é tionscadal seandálaíochta pobail Fhine Gall den obair luachmhar a tharlaíonn faoin gclár seo agus tá moladh mór tuillte ag Christine Baker as an tionscadal a stiúradh agus an foilseachán iontach seo a chur ar fáil.”

Swords Castle Digging History: Excavations 2015-17 ar fáil i Leabharlanna Fhine Gall nó le ceannach ó https://wordwellbooks.com/

Swords Castle Digging History Launch
Swords Castle Digging History Launch attendees
Swords Castle Digging History Launch Oisin
Swords Castle Digging History Launch Audience