Fógraíonn Fine Gall na himeachtaí ceiliúrtha a bheidh ar siúl an Lá Fhéile Pádraig seo

Paddys Day

Bígí réidh le d’fheisteas glas agus tú féin a bhá sna himeachtaí ceiliúrtha agus Lá Fhéile Pádraig á ceiliúradh ar fud Fhine Gall Dé Domhnaigh, 17 Márta.

Tá áit speisialta ag Lá Fhéile Pádraig i gcroíthe mhuintir na hÉireann, agus ní haon eisceacht é Fine Gall, mar sin beidh seacht bparáid ann i mbliana ar féidir le daoine freastal orthu. Idir ceol traidisiúnta agus taibhithe damhsa bríomhara, beidh an contae beo beathach le cultúr na hÉireann agus spiorad an phobail. Táimid ag fáiltiú roimh chách a bheith páirteach sna himeachtaí ceiliúrtha, agus paráidí le bheith ar siúl i mbailte éagsúla ar fud an chontae.

Áiteanna san áireamh:

  • Sord – cuirfear tús leis an bparáid ag 11rn ó Scoil Choláiste Choilm, ag taisteal síos an Phríomhshráid agus ag críochnú ag An tSráid Thuaidh, Páirc Bhaile Chaisleán Shoird. 
  • Baile Bhlainséir – ag tosú ag 12in ó Bhóthar Chaisleán Cnucha, ag dul síos an bealach ar fad tríd an bPríomhshráid agus ag críochnú ag Lár Bhaile Bhlainséir ag Plás na Leabharlainne/Draíocht. 
  • Baile Brigín – ag tosú ag 12in ó Charrchlós Chaisleán Bhrí Mhór, rachaidh bealach na paráide go Teampall Pheadair agus Phóil. Reáchtálfar siamsaíocht roimh agus tar éis na paráide ag An Stáitse Lark i gCearnóg Sheoirse ó 11rn go 2in.
  • Mullach Íde – ag tosú ag 2in, tosnóidh na taispeántais ó Chlub Cruicéid Mhullach Íde ar a mbealach go Carrchlós Trá Mhullach Íde.
  • Reáchtálfar paráidí pobail breise ag An Ros (1in); Lusca (1:30in); agus Na Sceirí  (3in). Le haghaidh tuilleadh sonraí orthu seo féach le do thoil arComhairle Pobail an Rois,  Comhairle Pobail Lusca agus Tabhair Cuairt ar Na Sceirí

Moltar do chónaitheoirí a sheiceáil cé hiad na bóithre a bheidh dúnta timpeall na mbealaí paráide. Ina theannta sin, féadfar srianta áitiúla a chur i bhfeidhm ón Satharn 16ú Márta chun socrú bealaigh agus ardán féachana a éascú. Tá bealaí eile, amanna, agus malairtí slí do gach suíomh ar fáil ag: https://www.fingal.ie/events/st-patricks-day-parades

 

 

St Patrick's Day Parade