Faigheann príomh-mhol i mBaile Átha Cliath 15 deontas €300,000 chun leanúint ar aghaidh lena ról ríthábhachtach sa phobal

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh fhógra an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD faoin iarratas rathúil ar mhaoiniú mór chun cabhrú le huasghrádú na n-áiseanna ag Ionad Pobail Bhaile Hart.

Hartstown Community Centre funding

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh fhógra an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD faoin iarratas rathúil ar mhaoiniú mór chun cabhrú le huasghrádú na n-áiseanna ag Ionad Pobail Bhaile Hart. I dteannta an Aire Humphreys san Ionad agus an fógra á dhéanamh aici inniu, bhí an Tánaiste Leo Varadkar TD, Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony agus mórán ionadaithe tofa áitiúla eile. Chuir leanaí réamhscoile na háite fáilte roimh na cuairteoirí agus chuir cór SN Naomh Ciarán an tsiamsaíocht ar fáil dóibh.

Tiocfaidh an Deontas €300,000 tríd an gCiste Infheistíochta Ionad Pobail (CIIP) nua a bhfuil sé mar aidhm aige tionscadail chaipitil ar ardchaighdeán a chur ar fáil d’Ionaid an Phobail a rachaidh chun tairbhe na bpobal áitiúil agus a chuideoidh lena chinntiú go ndéantar na spásanna seo a mhaoiniú agus a chothabháil i gceart.

Is áis é an t-Ionad atá á úsáid ag mórán grúpaí pobail agus deonacha le haghaidh cruinnithe seachtainiúla agus le haghaidh gníomhaíochtaí a dtugann tacaíocht don cheantar áitiúil. Tá Comhairle Chontae Fhine Gall i mbun úinéireacht an Ionaid a ghlacadh ó Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath agus tá súil aici go ndeimhneofar a aistriú chuig an gComhairle sna seachtainí atá romhainn.

Séard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, ná: “Is moil thábhachtacha iad ionaid an phobail mar seo a thugann deis do dhaoine dul i mbun sóisialaithe, foghlaim agus rochtain a fháil ar raon gníomhaíochtaí. Bainfidh muintir Bhaile Hart leas mór as an maoiniú nua seo mar go dtabharfaidh sé deis d'Ionad an Phobail athchóiriú riachtanach a dhéanamh agus don fhoireann bainistíochta anseo freastal ar riachtanais mhéadaithe mhuintir na háite ar bhonn laethúil.”

Agus an maoiniú á fhógairt aici, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, go raibh sé mar thosaíocht aici a leithéid mhaoinithe a chur i bhfeidhm: “Is croílár ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár bparóistí ar fud na tíre é Ionad an Pobail. Tá a chruth féin agus a mhéid féin ag gach Ionaid áitiúil againne agus cuireann siad raon leathan agus éagsúil na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí ar fáil. Sé Ionad an Phobail an áit a dtéann na páistí le spórt a imirt; is ann a chuirtear béilí ar fáil dár seanóirí; is ann a fheidhmíonn an cumann drámatúil áitiúil; is ann a thagann Bantracht na Tuaithe, Seideanna na bhFear, na Clubanna Óige agus na heagraíochtaí áitiúla eile le chéile i gcomhair a gcuid cruinnithe agus a gcuid imeachtaí."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an-chuid ama infheistithe ag Bord Bainistíochta Ionad Pobail Bhaile Hart agus a ndícheall déanta acu chun staid an lae inniu a bhaint amach. Cuireann sé áthas mór orm gur aithníodh an sár-obair a chuireadar leis an iarratas rathúil seo agus táim ag tnúth le bheith ag obair leo agus sinne ag dul ar aghaidh le chéile le spás feabhsaithe an phobail a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath 15.”

Ón am a tógadh é le linn blianta na 1980idí i leith, tá úsáid mhór bainte as Ionad Pobail Bhaile Hart ag grúpaí iarscoile, oícheanta biongó, clubanna karate agus súgradh réamhscoile. Tá roinnt dúshlán os a chomhair le blianta fada, áfach, ach buíochas leis an bhfoireann dheonach dhíograsach atá i láthair, bhí sé in ann a dhoirse a choinneáil ar oscailt i gcónaí agus deis a chur ar fáil don phobal áitiúil chun teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i raon fairsing na n-imeachtaí agus na dtionscnamh thar gach aoisghrúpa.

Hartstown Community Centre funding councillors
Hartstown Community Centre funding staff