An Deasc Pleanála Poiblí ag athoscailt agus spriocdháta maidir le haighneachtaí agus cinntí

Tá na deasca pleanála poiblí le hathoscailt ar an gCéadaoin, an 27ú Bealtaine 2020, ach caithfear coinne a dhéanamh roimh ré agus ní féidir breathnú ach ar iarratais phleanála reatha.  Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach agus na dátaí ar a bhfuil cinntí dlite le haghaidh iarratas faighte idir an 30ú Márta agus an 22ú Bealtaine, an 29ú Meitheamh 2020 agus an 20ú Iúil 2020 faoi seach.

County Hall

Tá na deasca pleanála poiblí le hathoscailt ar an gCéadaoin, an 27ú Bealtaine 2020, ach caithfear coinne a dhéanamh roimh ré agus ní féidir breathnú ach ar iarratais phleanála reatha.  Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach agus na dátaí ar a bhfuil cinntí dlite le haghaidh iarratas faighte idir an 30ú Márta agus an 22ú Bealtaine, an 29ú Meitheamh 2020 agus an 20ú Iúil 2020 faoi seach. Tá an t-eolas go léir thíos:

An Deasc Pleanála Poiblí ag athoscailt ar an gCéadaoin, an 27ú Bealtaine 2020 ach caithfear coinne a dhéanamh

Tá na deasca pleanála poiblí i Halla an Chontae, Sord agus sna hOifigí Cathartha le hathoscailt ar an gCéadaoin, an 27ú Bealtaine 2020, ach caithfear coinne a dhéanamh roimh ré agus ní féidir breathnú ach ar iarratais phleanála reatha.  Ar mhaithe le sláinte an phobail, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag moladh do chustaiméirí iarratais phleanála reatha a sheiceáil ar líne ag https://planning.agileapplications.ie/fingal

Sa chás nach féidir leat an t-iarratas pleanála atá á chuardach agat ar líne a fháil, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chun coinne a eagrú chun breathnú ar an iarratas ag do dheasc pleanála poiblí áitiúil, a bhfuil na mionsonraí maidir leis le fáil thíos (sonraigh uimhir thagartha an iarratais phleanála):

Is féidir breathnú ar iarratais a bhaineann le Toghlimistéar Áitiúil Shoird, Bhaile Brigín, an Rois-Lusca agus Bhinn Éadair-Mhullach Íde i Halla an Chontae, Sord agus iarratais a bhaineann le Toghlimistéar Áitiúil Bhaile Bhlainséir-Mhullach Eadrad, Chaisleán Cnucha agus Ongar sna hOifigí Cathartha, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir trí ríomhphost a sheoladh chuig:  [email protected]

Táimid ag leanúint ar aghaidh ag glacadh le hiarratais agus le bailíochtú iarratas a sheoltar tríd an bpost chuig:

  • An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2
  • An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

Lena chois sin, is féidir iarratais phleanála a leagan isteach sa bhosca speisialta atá le fáil taobh amuigh de chúl Halla an Chontae, taobh le Lána an tSéipéil, i Sord. Beidh an bosca seo ar fáil gach Déardaoin agus Aoine idir 9.00am agus 1.00pm

Má tá aon cheist agat maidir le cúrsaí pleanála is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn Pleanála ag  [email protected]  nó glaoch ar 01 890 5541.

Iarratais Phleanála – Spriocdhátaí chun Aighneachtaí a chur Isteach agus Dátaí ar a bhfuil Cinntí Dlite

De réir mar a chuireamar in iúl ar an 31ú Márta 2020, lean Comhairle Contae Fhine Gall ag glacadh le agus ag bailíochtú iarratas a fuarthas tríd an bpost agus sa “bosca speisialta” a cuireadh ar fáil, i rith thréimhse an Ordaithe a rinneadh faoi Alt 251A(4).

Acht um Pleanáil & Forbairt 2000 (mar atá Leasaithe) - Bearta Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail

Tugtar neamhaird ar an tréimhse ón 29ú Márta go dtí an 23ú Bealtaine (an dá dháta san áireamh), dá ngairtear ‘tréimhse na héigeandála’, chun críocha teorainneacha ama a ríomh i ndáil le hiarratas pleanála a phróiseáil faoi Acht um Pleanáil 2000 agus na Rialacháin.

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach agus na dátaí ar a bhfuil cinntí dlite le haghaidh iarratas faighte idir an 30ú Márta agus an 22ú Bealtaine, an 29ú Meitheamh 2020 agus an 20ú Iúil 2020 faoi seach.

Tugtar neamhaird ar an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach agus na dátaí ar a bhfuil cinntí dlite le haghaidh iarratas faighte idir an 21ú Feabhra agus an 29ú Márta 2020 ón 29ú Márta go dtí an 23ú Bealtaine (an dá dháta san áireamh), agus is iad na dátaí a bheidh i gceist idir an 25ú Bealtaine 2020 agus an 25ú Meitheamh 2020, le haghaidh iarratas, agus idir an 15ú Meitheamh 2020 agus an 16ú Iúil 2020, le haghaidh cinntí, ag brath ar an dáta taiscthe.

 Má tá aon cheist agat maidir le cúrsaí pleanála is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn Pleanála ag [email protected] nó glaoch ar 01 890 5541.