Déan Seachtain na Gaeilge 2024 a cheilliúradh i bhFine Gall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge 2024. 

Seachtain na Gaeilge Concert 2024

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge 2024.  Beidh féile idirnáisiúnta seo na Ghaeilge ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta leis an mana aici – Bain Triail Aisti - ag spreagadh gach éinne úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá acu .

Beidh imeachtaí na Comhairle ar siúl i Halla an Chontae i Sord, sna Leabharlanna Áitiúla, i nDiméin Ard Giolláin agus in Ionad Sheamuis Mhic Aonghusa agus tá mórán imeachtaí eile á n-eagrú ag grúpaí na Gaeilge ar fud an Chontae chomh maith.

Ag labhairt dó faoin bhféile, dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Adrian Henchy, “Is deis í Seachtain na Gaeilge do gach éinne, fiú dóibh siúd nach bhfuil aon taithí ar an teanga acu go dtí seo, glacadh léi agus triail a bhaint as Cúpla Focal a labhairt. Ba mhór an t-áthas a bhí orm an díograis a fheiceáil ag seoladh na féile i mBaile Bhlainséir ag an deireadh seachtaine agus mholfainn gach éinne freastal ar chuid de na himeachtaí atá ar siúl.”

Dé Céadaoin an 13 Márta in Atriam Halla an Chontae, Sord, agus le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Sheamus Mhic Aonghusa, déanfar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh  le Ceol, Craic agus Gaeilge idir 7in agus 9in. Beidh an tsiamsaíocht á cur ar fáil ag triúr ceoltóirí cónaitheacha sár-chumasacha lonnaithe i bhFhine Gall, Ellie Níc Fhionnghaile, Dónal Kearney agus Fergus Cahilane. Is fidléir agus amhránaí traidisiúnta í Ellie Níc Fhionnghaile as Gleann Cholm Cille, i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall. Amhránaí as Contae an Dúin is ea Dónal Kearney a bhfuil cónaí air i bhFine Gall agus tá ina chomhbhunaitheoir ar Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann i mBaile Brigín agus ar Chlub Ceol Tíre na Sceirí. Freastalóidh Fergus Cahillane, a sheinneann faoin ainm FARÓ, mar óstach ar Sheisiúin Amhránaíochta TSEAC. Bíonn an-tóir i gcónaí ar an imeacht bhliantúil seo, a chuireann fáilte roimh éinne ón gcontae le díograis na Gaeilge aige teacht le chéile le foireann Fhine Gall, agus déantar rannpháirtíocht an lucht féachana a spreagadh; mar sin, más mian leat a bheith páirteach le hamhrán do do chuid féin ar an oíche, glac é agus fáilte.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá ár dteanga agus ár gcultúr an-tábhachtach duinn agus is iontach é á gceiliúradh agus á dtacú le hiliomad seo na n-imeachtaí a bheidh ar siúl arís i mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge. Chuir an Chomhairle tús le déanaí le scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta le haghaidh dhaltaí meánscoile agus fógrófar na hiarrthóirí rathúla le linn na féile. Ba mhaith liom freisin moladh a thabhairt do gach ceann de ghrúpaí iontacha an phobail i bhFine Gall atá ag obair chun an teanga a chur chun cinn ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge ach i rith na bliana ar fad."

Déardaoin an 7 Márta, stiúrfaidh Príomhgharraíodóir Doiminica McKevitt agus Oifigeach Gaeilge Bernie Kelly siúlóid dhátheangach i nDiméin Ard Giolláin, Baile Brigín. Buailígí le chéile os comhair an Chaisleáin (ar aghaidh na farraige) ag 11rn.

Beidh an scannán Gaeilge An Tine Bheo á thaispeáint in Ionad Ealaíne Sheamui Mhic Aonghusas san Aill, Déardaoin an 14 Márta. Cuireadh an clár faisnéise ar Iubhaile Órga an Éirí Amach amach sa bhliain 1966 leis an scór arna chumadh ag Seán Ó Riada aige. Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag  https://www.tseac.ie/an-tine-bheo.  Beidh tob-Ghaeltacht ar siúl san san Ionad an oíche chéanna, ag tosú ag 6in, agus cuirtear fáilte roimh gach éinne.

I measc na n-imeachtaí ar siúl sna leabharlanna áitiúla, beidh seisiún ceoil le hAntaine Ó Faracháin agus le Nollaig Mac Carthaigh i mBaile Brigín ar an 6 Márta ag 6.30-7.30in agus i mBaile Dúill ar an 13ú ag 6.30-7.30in. Ar siúl chomh maith, beidh an cheardlann teaghlaigh Bodhran Beats le Niall Preston, an scannán 3T Gaeilge Ar Ais Arís agus ar fáil ar chluasáin 3T, scéalaíocht béaloidis le Róisin Murphy, Scéal Teaghlaigh le Seosamh O Maolalaí, oíche dátheangach na filíochta agus mórán eile. Tuilleadh eolais le feiceáil ag: Library Brochure

Dúirt Oifigeach na Gaeilge Bernie Kelly “Mholfainn gach éinne trial a bhaint as cúpla focal Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge agus freastal ar chuid de na himeachtaí seo más féidir leo. Is teanga álainn ársa í an Ghaeilge, agus maireann sí as á labhairt – Beatha Teanga í a Labhairt!”

Tá tuilleadh eolais le fáil ó:  [email protected]