Beidh an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh, 3 Aibreán

Beidh an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh, 3 Aibreán. Is é seo an 26ú daonáireamh a bheidh á reáchtáil ón mbliain 1841.

 

Census Gaeilge

Image from Census.ie

Beidh an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh, 3 Aibreán 2022. Is é seo an 26ú daonáireamh a bheidh á reáchtáil ón mbliain 1841.

Tá an daonáireamh ar cheann de na bearta is tábhachtaí sa tír. Tá sé tábhachtach duitse, do do theaghlach, do thuismitheoirí agus do leanaí, do phobal áitiúil, do chontae, do réigiún agus do do thír féin.

Is éard atá sa daonáireamh comhaireamh agus cuntas ar gach duine in Éirinn oíche an daonáirimh Dé Domhnaigh 3 Aibreán.  Seachadfaidh áiritheoir daonáirimh foirm daonáirimh chuig do theach idir Márta agus dáta an daonáirimh. Fillfidh siad chun d’fhoirm chomhlánaithe a bhailiú idir 4 Aibreáin agus 6 Bealtaine.

Úsáidtear torthaí an daonáirimh go forleathan i ngach earnáil den tsochaí. Soláthraíonn siad faisnéis ríthábhachtach chun cabhrú le pleanáil do sheirbhísí mar shláinte, oideachas, iompar, cúram leanaí agus cúram do dhaoine scothaosta inár bpobail anois agus san am atá le teacht.

Bí san áireamh agus bíodh guth agat duit féin, dod’theaghlach agus dod’ phobal.  

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh a dhéanann an daonáireamh.

Tuilleadh eolais:  https://www.census.ie/ga/

Cencus 2022