Maker Space ag Leabharlanna Fhine Gall

Makerspace logo window

Céard é Maker Space Fhine Gall?

Is spás pobail ilfheidhme, cruthaitheach agus oideachais é The Maker Space i Leabharlann Bhaile Bhlainséir. Is tionscadal dinimiciúil agus nuálach é atá forbartha agus maoinithe ag leabharlanna Fhine Gall le maoiniú ó Éire Ildánach. Tá réimse áiseanna agus uirlisí sa spás lena n-áirítear ríomhairí glúine, printéir 3T agus gearrthóir vinile.

Tá an spás inrochtana, dinimiciúil agus cuimsitheach seo i gcroílár ghealltanais Chomhairle Contae Fhine Gall faoin tionscnamh ó Éire Ildánach. Tá an tionscnamh náisiúnta seo tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh an deis ag gach uile dhuine in Éirinn an cumas iomlán cruthaitheach atá acu a bhaint amach.

Céard é Clár Maker Pobail Fhine Gall?

Tá sé mar aidhm ag an gClár Maker Pobail Fhine Gall cruthaitheacht a thógáil agus a thacú i bpobail laistigh de cheantar Fhine Gall. Cuireann an clár deis ar fáil maidir le hoideachas neamhfhoirmiúil agus é ag éascú rannpháirtíocht pobail, fiontraíocht agus féinfhorbairt. Tá an makerspace é féin deartha mar ionad chun deiseanna agus ionad a chur ar fáil chun an chruthaitheacht seo a chur chun cinn. Cheap leabharlanna Fhine Gall Kate Delaney, Príomhfheidhmeannach Make Create Innovate don ról mar chruthaitheoir cónaitheach agus faigheann sí tacaíocht ó éascaitheoirí gairmiúla i seachadadh na gclár.

 

Maker Space 3D Printer Kate 3.jpg

Conas a thacaíonn Maker Space Fhine Gall le hoideachas?

Maker Space Fhine Gall deartha chun tacú le beartas STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic) na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Éascaíonn an spás foghlaim STEAM i suíomh neamhfhoirmiúil do dhaltaí scoile. Tá sé mar aidhm ag na ceardlanna a chuirtear ar fáil ag an spás fiosracht, cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna réiteach fadhbanna a chur chun cinn i measc rannpháirtithe. Oibríonn foireann Maker Space le scoileanna i gceantar Fhine Gall chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga chun leas iomlán a bhaint as na háiseanna atá ar fáil. Oibríonn siad freisin i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun deiseanna oideachais aosaigh a chur ar fáil.

    Makerspace

     

    Cén cineál ceardlann atá stiúrtha ag Maker Space Fhine Gall?

    Tá réimse ceardlann chuimsitheach forbartha ag foireann Maker Space Fhine Gall atá dírithe ar gach aois agus cúlra. Seo é sampla de na ceardlanna atá ar fáil ag an Maker Space:

    • Leabhar Tolláin a dhéanamh
    • Cruthú Múnla
    • Callaire Steiréó a dhéanamh
    • Dearadh T-léine
    • Códú Scratch
    • Códú Forbartha Cluiche
    • Réamhrá do Ghearradh Léasair
    • Réamhrá do Phriontáil 3T
    • Dearadh Táirge
    • Leictreonaic Inchaite
    • Priontáil Bloic Adhmaid
    • Priontáil Fabraic
    • Teicnící Deisiú Infheicthe
    • Dearadh Seodra
    Marc with battery powered vehicle made at the Fingal Maker Space

    Cé atá in ann Maker Space Fhine Gall a úsáid?

    Is spás daonlathach agus cuimsitheach é Maker Space Fhine Gall atá oscailte do gach ball den phobal. Bíonn an fhoireann Maker Space i dteagmháil go rialta le: scoileanna, naíonraí, naíolanna, grúpaí óige, botháin na bhfear agus na mban, clubanna ealaíon agus ceardaíochta agus aon ghrúpa eile ar mian leo a gcumas cruthaitheach a bhaint amach.

    Conas is féidir liom eolas a fháil faoi cheardlanna atá ar siúl ag Maker Space Fhine Gall?

    D’fhéadfaí Leabharlanna Fhine Gall a leanúint ar Facebook, Twitter agus Instagram chun fanacht ar an eolas faoi cheardlanna agus tráthnóna oscailte atá le teacht.

    https://www.facebook.com/FingalLibraries

    https://twitter.com/fingallibraries

    https://www.instagram.com/librariesfingal

    Is é ár leathanach Eventbrite https://www.eventbrite.ie/o/fingal-makerspace-40760056033

    D’fhéadfaí leathanach tiomnaithe Maker Space Fhine Gall a leanúint freisin ag:

    https://twitter.com/fingalmakers

     

    Launch of Makerspace 1