Seachtain na Gaeilge 2024 i bhFine Gall

Ullmhaígí le Seachtain na Gaeilge 2024 a cheiliúradh i bhFine Gall

seachtain na gaeilge

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge 2024. Tá an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge seo ar siúl ón 1-17 Márta agus a mana ag spreagadh gach duine pé Gaeilge atá acu a úsáid – Bain Triail Aisti. Tá imeachtaí na Comhairle ar siúl i Halla an Chontae, Sord sna Leabharlanna Áitiúla, i nDiméin Ard Giolláin agus in Ionad Seamus Ennis agus tá go leor imeachtaí eile á n-eagrú ag grúpaí Gaeilge ar fud an Chontae.

Cuirfidh an Príomhgharraíodóir, Dominica McKevitt agus an tOifigeach Gaeilge, Bernie Kelly, siúlóid dhátheangach ar siúl in Ard Giolláin, Baile Brigín, Déardaoin an 7 Márta. Casfar le chéile ag an mbealach isteach chuig na Seomraí Tae ag 11am.

Ar an gCéadaoin 13ú Márta in Atrium Halla an Chontae, Sord, beidh ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le Ceol, Craic agus Gaeilge ó 7 go 9in. Beidh an tsiamsaíocht á cur ar fáil ag triúr ceoltóirí sár-cháiliúla lonnaithe i bhFhine Gall, Ellie Níc Fhionnghaile, Dónal Kearney agus Fergus Cahillane.  Bíonn an-tóir i gcónaí ar an ócáid bhliantúil seo a chuireann fáilte roimh dhaoine sa Chontae a bhfuil an Ghaeilge acu agus foireann Fhine Gall, agus spreagtar rannpháirtíocht an lucht féachana mar sin más mian leat a bheith páirteach agus amhrán a chasadh ar an oíche beidh fáilte romhat.

Beidh an scannán Gaeilge An Tine Bheo  a thaispeáint in Ionad Ealaíne Seamus Ennis, san Aill, Déardaoin 14 Márta. Eisíodh an clár faisnéise ar Iubhaile Órga  Éirí Amach na Cásca i 1966 agus tá scór cumtha ag Seán Ó Riada ann. Féach  https://www.tseac.ie/an-tine-bheo 

Áirítear leis na himeachtaí i leabharlanna áitiúla ceol le hAntaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Carthaigh  i mBaile Brigín an 6 Márta ag 6.30-7.30 agus i nDomhnach Bat an 13ú ag 6.30-7.30. Beidh ceardlann teaghlaigh Bodhrán Beats le Niall Preston, Ar Ais Arís Scannán 3D i nGaeilge, Scéalta Béaloideas is go leor leor eile Féach: Clár leabharlainne