Faighteoir an Ghradaim do Chéimithe 2017

Roisin_McGannon_-_Proprioception_Suspended_Yet_Heavy_850_565_s

Fuair Róisín McGannon an Gradam do Chéimithe 2017 i gcomhpháirtíocht le BLOCK T

Mar chuid den tiomantas leanúnach d'ealaíontóirí proifisiúnta, chuir Oifig Ealaíon Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le BLOCK T Gradam Stiúideo bliana amháin do Chéimithe a mbeidh Taispeántas Aonair mar pháirt de in 2018.  Is cuid de shraith tionscnamh a dhéanann Ealaíona Fhine Gall é an chónaitheacht seo chun tacú le cleachtas gairmiúil na n-ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, agus iad a chur chun cinn.  Cuirfidh sé deis fhoirfe ar fáil chun tionscadail chruthaitheacha a fhorbairt, cleachtas céimí a fhorbairt agus deis chun líonrú a dhéanamh le healaíontóirí eile.

 

Seo cúpla focal a dúirt Róisín nuair a fuair sí an gradam:

"Ba é an chéad rud a mhothaigh mé nuair a fuair mé Gradam do Chéimithe Chomhairle Contae Fhine Gall 2017 ná sceitimíní agus go luath ina dhiaidh sin faoiseamh. Mar dhuine a bhain céim amach le déanaí, bhí tuiscint á fáil agam go tapa ar cad a bhí i gceist le daoine nuair a dúirt sí 'go mbeadh sé deacair a bheith as coláiste', agus nach raibh an pobal agus an domhan beag a raibh thart timpeall orm le linn na dtrí bliana a chaith mé sa choláiste ann a thuilleadh agus bhí éiginnteacht ann ina áit.

Nuair a thug mé cuairt ar an spás i BLOCK T, cuireadh mo stiúideo ag NCAD i gcuimhne dom, na spásanna d'ealaíontóirí, na ballaí ar a raibh íomhánna agus taighde, na spásanna oibre comhroinnte, agus mhothaigh mé go raibh mé beagnach ar mo shocracht anseo. Ba shólás é sin. Is é an difríocht anois go bhfuil níos mó saoirse agam triail a bhaint as níos mó rudaí gan aon srian a bheith orm, mar níl an brú orm céim a bhaint amach.

Tá súil agam go gcaithfidh mé an bhliain seo ag bualadh le healaíontóirí amhairc eile a oibríonn sa spás chun comhráite a chruthú agus meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar mo dhul chun cinn. I dtaca le mo chleachtas féin, is é an chéad chéim dom ná tosú amach arís san áit ar chríochnaigh mé i gcoláiste. Le linn mo bhliana deiridh, bhí orm díriú isteach ar céard a bhí le déanamh agam don chéim. Bhí orm a lán smaointe a chur i leataobh agus anois táim ag dul ar ais agus ag déanamh mo mhachnamh arís ar céard a bhí ar intinn agam chun tuilleadh feola a chur ar na smaointe, agus chun fiosrú a dhéanamh ar smaointe nua nach raibh an misneach agam triail a bhaint astu roimhe seo, b'fhéidir, nó nach raibh am agam chun iad a dhéanamh.

Tá muinín agam arís tar éis an gradam seo a fháil agus tá fuinneamh nua agam a bhainfidh mé úsáid as laistigh den tréimhse ama bliana. Is spreagadh foirfe é seó a fháil ag deireadh mo chuid ama le BLOCK T, tá dóthain ama chun mo mhachnamh a dhéanamh agus bailiúchán láidir saothar a chruthú gan brú a bheith ort. Tá an t-ádh orm agus táim buíoch as Comhairle Contae Fhine Gall agus BLOCK T as an deis seo a thabhairt dom chun tús a chur le mo ghairm mar ealaíontóir."

"Le linn mo bhliana deiridh, bhí orm díriú isteach ar céard a bhí le déanamh agam don chéim. Bhí orm a lán smaointe a chur i leataobh agus anois táim ag dul ar ais agus ag déanamh mo mhachnamh arís ar céard a bhí ar intinn agam chun tuilleadh feola a chur ar na smaointe, agus chun fiosrú a dhéanamh ar smaointe nua nach raibh an misneach agam triail a bhaint astu roimhe seo, b'fhéidir, nó nach raibh am agam chun iad a dhéanamh."

Le linn mo bhliana deiridh, bhí orm díriú isteach ar céard a bhí le déanamh agam don chéim. Bhí orm a lán smaointe a chur i leataobh agus anois táim ag dul ar ais agus ag déanamh mo mhachnamh arís ar céard a bhí ar intinn agam chun tuilleadh feola a chur ar na smaointe, agus chun fiosrú a dhéanamh ar smaointe nua nach raibh an misneach agam triail a bhaint astu roimhe seo, b'fhéidir, nó nach raibh am agam chun iad a dhéanamh.