Oíche Cheoil do Sheachtain na Gaeilge 13, Márta 2024

Dé Céadaoin an 13 Márta in Atriam Halla an Chontae, Sord, agus le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Sheamus Mhic Aonghusa, déanfar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh  le Ceol, Craic agus Gaeilge idir 7in agus 9in. Beidh an tsiamsaíocht á cur ar fáil ag triúr ceoltóirí cónaitheacha sár-chumasacha lonnaithe i bhFhine Gall, Ellie Níc Fhionnghaile, Dónal Kearney agus Fergus Cahillane.

Is fidléir agus amhránaí traidisiúnta í Ellie Níc Fhionnghaile as Gleann Cholm Cille, i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall. Amhránaí as Contae an Dúin is ea Dónal Kearney a bhfuil cónaí air i bhFine Gall agus tá ina chomhbhunaitheoir ar Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann i mBaile Brigín agus ar Chlub Ceol Tíre na Sceirí. Freastalóidh Fergus Cahillane, a sheinneann faoin ainm FARÓ, mar óstach ar Sheisiúin Amhránaíochta TSEAC.

Bíonn an-tóir i gcónaí ar an imeacht bhliantúil seo, a chuireann fáilte roimh éinne ón gcontae le díograis na Gaeilge aige teacht le chéile le foireann Fhine Gall, agus déantar rannpháirtíocht an lucht féachana a spreagadh; mar sin, más mian leat a bheith páirteach le hamhrán do do chuid féin ar an oíche, glac é agus fáilte.

Ceoltóirí 

Is amhránaí as Contae an Dúin é Dónal Kearney atá ina chónaí i bhFine Gall. Tá sé ina chomhbhunaitheoir ar Institiúid Cheoil agus Amhrán na hÉireann i mBaile Brigín agus ina chomhbhunaitheoir ar Chlub Ceol Tíre na Sceirí, a reáchtálann seisiún amhránaíochta ar an Domhnach deireanach den mhí. Bhí sé ina aonréadaí le ANÚNA roimhe seo, chuaigh sé ar camchuairt go dtí an Áise, Meiriceá Thuaidh agus an Eoraip agus canann agus seinneann sé sa tríréad ceol tíre  TRÚ, a bhfuil moladh faighte aige ó na léirmheastóirí.

Is fidléir agus amhránaí traidisiúnta í Ellie Níc Fhionnghaile as Gleann Cholm Cille, Gaeltacht in Iardheisceart Dhún na nGall. Díríonn a stór go mórmhór ar stór Dhún na nGall, a d’fhoglaim sí ó cheoltóirí áitiúla ar nós James Byrne nach maireann, Mick Brown agus Cití Seaín Uí Chuinneagáin nach maireann, i measc daoine eile. Tá sí tar éis taibhiú go forleathan ar fud na hÉireann agus thar lear le grúpaí agus ealaíontóirí éagsúla lena n-áirítear Steve Cooney, Mairéad Ní Mhaonaigh, Lillis Ó Laoire, Dulciana agus ANÚNA. Is taibheoir rialta agus múinteoir í le Cairdeas na bhFidléirí.

I 2020, bhí Ellie ina rannpháirtí agus ina taibheoir ar an gclár faisnéise teilifíse TG4/BBC na Gaeilge ‘An Fhidil Bheo - Ceol an Northern Fiddler’, agus beidh sí mar amhránaí aonair sa séasúr atá le teacht den sraith teilifíse ‘Vikings: Valhalla’ (2024).

Seachas a saothar taibhithe, is cainteoir dúchais Gaeilge agus múinteoir ceoil í Ellie agus oibríonn sí mar Oifigeach Cumarsáide leis Na Píobairí Uilleann.

Is é Fergus Cahillane a bheidh ina óstach ar Sheisiúin Amhránaíochta TSEAC, a bheidh ar siúl san Aill ar an tríú Déardaoin den mhí. Taibhíonn Fergus faoin ainm stáitse FARÓ agus tá sé tar éis dul ar camchuairt ar fud na Stát Aontaite, na hEorpa agus na hÁise mar amhránaí agus ilionstraimí. Cuirfidh FARÓ clabhsúr ar cheiliúradh oifigiúil Fhéile Naomh Pádraig na bliana seo ar an bpríomhstáitse i nDún Uí Choileáin.

Le linn na paindéime rinne Fergus dioplóma i dTaibhiú Traidisúnta na hÉireann agus Déanamh Uirlisí. Go dtí seo tá Cláirseach Éireannach 33 Téad agus maindilín 10 dTéad tógtha aige. Tá cónaí ar Fergus I mBaile Brigín agus is teagascóir é in Institiúid Cheoil agus Amhrán na hÉireann. Faoi láthair tá sé faoi faoi stiúir Alan Doherty agus Paul McGrattan, tar éis do chúrsa oiliúna bliana a bheith bronnta air i gColáiste Breisoideachais Bhaile Formaid. Tá an chéad cheirnín leathfhada do FARÓ ar na bacáin do 2024.

Seachtain na Gaeilge Concert 2024