Léiriú Photograph (2019) i nDraíocht

DÉ CÉADAOIN 20 SAMHAIN 2019 7.30 PM Príomh-Halla // €7.50 / €6 lacáiste

Tá a mhamó ag cur brú ar ghrianghrafadóir sráide i Mumbai nach bhfuil ag éirí rómhaith leis chun pósadh, agus cuireann sé ina luí ar strainséir cúthail ligean uirthi féin go bhfuil lámh agus focal eatarthu le linn cuairte ar an teaghlach. In ainneoin na ndifríochtaí móra cultúrtha eatarthu, forbraíonn siad ceangal nach raibh súil leis. Cuireann an ceangal sin dúshlán roimh an dearcadh atá acu ar an saol sa scéal grá cumhach agus greannmhar seo ó Ritesh Batra (The Lunchbox). Le Nawazuddin Siddiqui agus Sanya Malhotra.

TEASTAS: 15A Teanga: Hiondúis (Fotheidil i mBéarla) Fad ama: 110 nóiméad
I gcomhar le Access Cinema

[email protected]

"Álainn agus simplí." The Hollywood Reporter

"... tá cuma na seanscéalta grá seanfhaiseanta a bhí ann fadó ar an scannán seo." Screen International

"Dráma galánta ... rómánsúil." The Film Stage