Douglas Mooney, M1 Poppies

Douglas Mooney, M1 Poppies

Tá Douglas Mooney ag tabhairt an triail nuálach dealbhóireachta seo chun foirfeachta. Is éard atá i gceist leis ná 5 phoipín a bhogann leis an ngaoth agus a fhaigheann cumhacht ón ngrian a lonnú ag an mbealach amach M1 ag Halla an Leasáin. Tá tástáil dhian ag teastáil le haghaidh an éachta innealtóireachta seo, chomh maith le saineolas a fháil ó thaobh amuigh d'Éirinn. Táimid tiomanta don tionscadal seo a chur i gcrích, mar táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt do nuálaíocht i ndealbhóireacht agus ealaín phoiblí mar chuid dár mbeartas.