Airgeadais

Tobhach Réadmhaoine na Bliana Iontrála

Is é atá sa tobhach réadmhaoine na bliana iontrála ná táille a chuireann an t-údarás áitiúil ar réadmhaoin atá nuathógtha nó nuadhéanta go dtí go ngearrtar rátaí tráchtála orthu.  Tógadh isteach é in 2007 faoin Acht Rialtas Áitiúil (Ceantair Fheabhsúcháin Gnó) 2006, a d’achtaíodh 24 Nollag 2006.

Níl. Gearrtar é  go dtí go mbeidh an réadmhaoin faoi dhliteanas rátaí tráchtála a íoc.

Meastar an tobhach de réir:

  • · Luach inrátaithe na réadmhaoine mar atá leagtha síos ag an gCoimisinéir Luachála
  • · Ráta bliantúil luachála mar atá leagtha síos ag an gComhairle
  • · An dáta(dáta iontrala) a ghearrtar luach ar an réadmhaoin le haghaidh rátáíl (i.e. curtha ar an liost luachála).
  • · Líon na laethanta ón dáta luachála iarbhír go dtí deireadh na bliana.

Sampla d’áireamh thobaigh atá le híoc ar réadmhaoin.
Glac leis go bhfuil réadmhaoin nuathógtha agus réidh le seilbh a ghlacadh air ar 30 Eanáir 2018 agus an ráta luachála €10,000 atá gearrtha air i bhfeidhm ó 30 Eanáir  2018. Is é 0.147 an ráta bliantúil luachála (iolraitheoir) a bhí socraithe ag an gComhairle sa chruinniú bhuiséad bliantúil do 2018.  Bheadh an bille áirithe mar an sampla seo a leanas:

  • · RV (Luach Inrátaithe na Réadmhaoine) = €10,000
  • · Ráta bliantúil luachála do 2018 = 0.147
  • · Líon laethanta = 337
  • · Laethanta sa bhliain = 366
  • · Tobhach Réadmhaoine na bliana atá le híoc don bhliain =>

€10,000 x 0.147 x 337 roinnte ar 365 = €1,357.23

De réir Acht Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006 is é íocóir an tobhaigh atá freagrach as é a íoc.  D’fhéadfaí íocóir an tobhaigh bheith ceachtar dóibh súid:
· An duine atá i seilbh na réadmhaoine ar an dáta iontrala i.e.an dáta a chuirtear an réadmhaoine ar an liosta luachála nó
· Úinéir na réadmhaoine , más rud é go bhfuil an réadmhaoin fholamh ar an dáta iontrála.

Tá. Tá dualgas ar an úinéir caoga faoin gcéad (50%) den táille a íoc má tá an réadmhaoin fholamh ar an dáta iontrála.

Bíonn na coinníollacha seo leanas i bhfeidhm chun leas a bhaint as an ráta laghdaithe (cruthúnas de dhith):
· Ní raibh an úineir i seilbh na réadmhaoine ar an dáta iontrála.
· Ní raibh duine ar bith eile i dteidil seilbhe.
· Rinneadh iarracht an réadmhaoin a ligean ar chíos réasúnta.

Beidh an tobach le híoc ina iomláine 14 lá  tar éis an bhille a bheith eisithe.

  • Airgead/Seic/Ordú poist iníochta le Comhairle Contae Fhine Gall ag an Oifig Airgid,     Príomhshráid, Sord,     Co Bhaile Átha Cliath.
  • Ordú Seasta: Déan teagmháil leis an Oifig Rátaí chun íocaíocht a dhéanamh
  • Dochar Díreach: Déan teagmháil leis an Oifig Rátaí chun íocaíocht a dhéanamh.
  • R.A.A.E.F.T Sonraí Bainc BIC: AIBKIE2D IBAN: IE98AIBK 932523 20869113

Caithfidh tú d’uimhir chuntais a lua i ngach comhfhreagras.

Sa chás nach n-íoctar an tobhach go hiomlán tar éis 14 lá, beidh ar Chomhairle Contae Fhine Gall an bille a áisghabháil mar fhiach conartha. Déan teagmháil leis an gComhairle más mian leat íocaíocht a dhéanamh ina thráthchodanna

Déanfar atháireamh ar an gcuntas ag baint úsáid as an luach inrátaithe athleasaithe don réadmhaoin ón dáta éifeachta.  Má dhéantar ró-íocaíocht ar an gcuntas de bharr an mheasúnaithe thosaigh déanfar aisíocaíocht don íocóir thobaigh. Má dhéantar ganníocaíocht beidh an t-íocóir thobaigh freagrach as an méid atá le híoc.