Comhshaol

Soláthar Ionad Fág Anseo

Athchúrsála

Tá 72 ionad ‘fág anseo’ in Fhine Gall, chun athchúrsáil a éascú duit. Tabhair ar d’aire, le do thoil, gur cion é aon bhruscar a fhágáil lasmuigh d’ionaid ‘fág anseo’ ag láthair dár gcuid. 

Chun an t-ionad ‘fág anseo’ is giorra duit a aimsigh úsáid an lúb seo https://repak.ie/for-consumers/facilities-search/

Tá formhór na n-ionad ar oscailt lá agus oíche. Ach, le do thoil, ná bain úsáid as ionaid ‘fág anseo’ gloine tríd an oíche mar go bhféadfadh an torann a bheith ag cur as do chónaitheoirí áitiúla.

Tá suas le trí chineál coimeádáin ag na hionaid ‘fág anseo’. Braitheann sé ar na coimeádáin ar an láthair céard is féidir a thabhairt ann.

Ionaid ‘Fág Anseo’ Gloine: Is féidir buidéil agus crúscaí gloine a athchúrsáil. Roinn iad de réir datha – trédhearcach, glas agus donn. Ná cuir isteach, le do thoil, ceirmeacht, gloine fuinneoige, earraí piréise nó gloiní ólacháin. Is cineálacha eile gloine atá iontu agus déanfaidh siad an chuid eile den ghloine sa choimeádán a thruailliú.

  • Ionaid ‘Fág Anseo’ Cannaí: Is féidir cannaí ólacháin a athchúrsáil. Brúigh ar a chéile iad, le do thoil, ionas gur féidir níos mó díobh a chur isteach sa choimeádán.
  • Ionaid ‘Fág Anseo’ Teicstílí: Is féidir éadaí atá i ndea-riocht a athchúrsáil.  Ná cuir isteach duivéanna ná piliúir, le do thoil.

 

Más rud é go bhfuil an tIonad ‘Fág Anseo’ lán céard atá le déanamh?

Déan teagmháil linn ag (01) 890 6721 agus déanfaimid socrú chun na h-ionaid a fholmhú. Le do thoil, ná fág buidéil ar an talamh le taobh na gcoimeádán mar go measfar gur ag caitheamh bruscair é a leithéid a dhéanamh agus ina theannta sin tá baol sláinte agus sábháilteachta ann.

Le do thoil, ná fág boscaí fholmha, málaí ná caipíní buidéal, ná aon ábhar eile, le taobh nó ar bharr na gcoimeádán athchúrsála. Is ionann é seo agus bruscar a chaitheamh agus d’fhéadfaí fíneáil de suas le €150 dul leis má bheirtear ort. Is féidir go mbeadh ceamaraí slándála TCI feistithe ag ionaid fág anseo.

Tabhair leat abhaile do bhoscaí cairtchláir fholmha, málaí agus caipíní buidéal, déan iad a stróiceadh agus cuir sa bhosca bruscair glas iad. Mura bhfuil bosca bruscair glas agat tabhair leat ag an ionad athchúrsála is giorra iad.