Pobal agus Spóirt

Grúpa Idirghníomhaireachta an Lucht Siúil

Comhionannas, Imeascadh agus Ionchuimsiú Sóisialta

Is é is aidhm dúinn réimse gníomhaireachtaí reachtúla agus Grúpaí Forbartha don Lucht Siúil a thabhairt le chéile le heolas a roinnt ar réimse saincheisteanna a bhaineann leis an Lucht Siúil i bhFine Gall agus le comhtháthú níos fearr a fháil ar na seirbhísí a thugtar dóibh.

Tagann comhaltaí ár nGrúpa Idirghníomhaíochta don Lucht Siúl uatha seo a leanas:

  • Comhairle Contae Fhine Gall
  • Grúpaí Forbartha Lucht Siúil Bhaile Bhlainséir.
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Comhpháirtíocht Ceantair Bhaile Bhlainséir
  • Pavee Point
  • Grúpa Eagraíochta Lucht Siúil Fhine Gall
  • Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath
  • Comhpháirtíocht Fhine Glass/na Cabraí
  • An Garda Síochána

Is é is aidhm don phlean a chinntiú gur féidir le baill den Lucht Siúil i bhFine Gall páirt níos mó a ghlacadh mar shaoránaigh, agus go bhfuil fáil iomlán acu ar na seirbhísí atá uathu. D’athbhreithníomar an Plean Gníomhaíochta don Lucht Siúil in 2010 agus d’aontaíomar clár oibre nua timpeall ar roinnt téamaí mar:

  • Comhpháirtíocht a Thógáil
  • Cóiríocht
  • Sláinte
  • Oideachas
  • Oiliúint agus Fostaíocht
  • Pobal a Thógáil

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Rachel Lindsay ag  [email protected]