Rinneadh ceiliúradh arís ar an gcaidreamh a bhí ag muintir Bhaile Brigín lena dtrá ghainimh álainn ag an dara Féile Gníomhaíochta Trá, a bhí ar siúl Dé Domhnaigh 14 Lúnasa.
Déanfaidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2022 ceiliúradh ar gach rud a bhaineann leis an oidhreacht ó Dé Sathairn, an 13 Lúnasa, go go dtí Dé Domhnaigh, an 21 Lúnasa 2022, agus beidh neart dá leithéid ar siúl i bhFine Gall.
Ag tógáil ar rath séasúir tochailte pobail roimhe seo tá Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, an seandálaí Christine Baker, ag tabhairt faoi thochailt eile ag dún cinn tíre Dhroim Meánach le foireann seandálaithe gairmiúla agus oibrithe deonacha ón bpobal áitiúil agus níos faide i gcéin.
Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh mhaoiniú nua atá fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD a chuideoidh le forbairt áiseanna amuigh faoin aer sa Chontae.
Tá áthas orainn a fhógairt gur Leabharlanna Cleamhnaithe FamilySearch iad gach ceann de na deich mbrainse de chuid Leabharlann Fhine Gall, agus ár roinn Staidéar Áitiúil. Ciallaíonn sé seo go mbeidh taighdeoirí in ann rochtain a fháil ar íomhánna digitithe ó bhailiúcháin FamilySearch, a bheadh srianta murach sin. Tá an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce, agus tú ar an láthair i do Leabharlann áitiúil i bhFine Gall.
Ba údar mór le rá a bhí ann i bPáirc na Mílaoise nuair a d’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony an “We-Go-Swing” lán-chuimsitheach go hoifigiúil
Chuir baill den phobal in iúl don Chomhairle go bhfaca siad líon mór Smugairlí Leonmhongacha ar Thrá Dhomhnach Bat. Seo thíos pictiúirí a thóg siad ar Dé Domhnaigh 05/09/2021. Seans go mbeidh na smugarlí seo le feiceáil ar ár dtránna eile