Tuarascáil Bhliantúil an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí 2023

ANCA ANNUAL REPORT IRISH 2023

Foilsíodh tuarascáil bhliantúil 2023 an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí (ANCA) agus tá sí ar fáil anois le féachaint uirthi ar líne nó le híoslódáil. Leagtar béim sa tuarascáil ar obair an údaráis le linn 2023 agus leagtar amach ann na tosaíochtaí don bhliain atá amach romhainn. Aithnítear agus léirítear meas ar rannpháirtíocht agus rannchuidiú gach duine aonair, grúpa pobail agus gnólacht a bhí i dteagmháil leis an ANCA i rith na bliana mar ghné luachmhar dár gcuid oibre.

Nuashonraítear láithreán gréasáin an údaráis ar bhonn rialta le faisnéis agus acmhainní tiomnaithe do bhainistiú torann aerárthaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus mórthimpeall air.

Cliceáil anseo chun an tuarascáil a fheiceáil.