Loughshinny Boathouse Artists’ Studio

Siúlóidí Cósta ar fud Fhine Gall

Discover More

Tá 88km de chósta idir Cill Fhiontain agus Baile Brigín...an bhfuil mórán de siúlta agatsa fós?

Táimid ag leanúint orainn de shiúlbhealach cósta a fhorbairt ar imeallbhord Fhine Gall ó theorainn Chathair Bhaile Átha Cliath go teorainn Chontae na Mí.

Tá forbairt an bhealaigh sin ag leanúint ar aghaidh i gcónaí agus is iad seo a leanas na codanna de atá ar oscailt don phobal cheana féin:

  • Binn Éadair trí Chill Fhiontain go Baile Dúill: Tá an bealach leagtha amach ar chláir taispeána sna háiteanna seo a leanas: Carrchlós Bhaile Scadán, Cé an Bhuidéil, Carrchlós Dhún Criofainn, Páirc Bhaile na Cille; agus ar an gcladach gar do stáisiún DART Bhinn Éadair.      
  • Port Mearnóg go Mullach Íde:  Téann an bealach ar aghaidh ar bhóthar an chósta go háiteanna amhail an Trá Mhín agus na Túir Martello i mBallaí Robac agus i bPort Mearnóg.
  • Mullach Íde go Sord:  Téann an bealach ón Muiríne i Mullach Íde taobh le bruach theas Inbhear an Mhóinéir Leathain chomh fada le Droichead an Mhótarbhealaigh.  Is féidir leanúint ar aghaidh timpeall an inbhir agus taobh leis an gcladach thuaidh chomh fada le Domhnach Bat.
  • Domhnach Bat go Port Reachrann: Ón gcabhsa iarnróid i nDomhnach Bat, is féidir le siúlóirí dul soir taobh le cladach thuaidh Inbhear an Mhóinéir Leathain agus ó thuaidh ansin thar Galfchúrsa an Chorrbhaile go dtí an túr Martello in aice leis an Óstán Waterside i nDomhnach Bat.  Tá na bealaigh ar taispeáint ar chláir taispeána i gCarrchlós Radharc an Túir, i bPort Reachrann agus i gCarrchlós na Trá, Domhnach Bat.
  • Loch Sionnaigh: Tá an tSiúlóid Chósta ag Loch Sionnaigh ar taispeáint ar chlár taispeána i gcarrchlós na trá.
  • Na Sceirí: Tá bealach curtha ar fáil taobh le hAsplanád an Chósta Theas agus is féidir le siúlóirí an cosán poiblí a úsáid chun dul ó thuaidh go hArd Giolláin agus Baile Brigín.
  • Baile Brigín:  Tá clár taispeána faoin Tarbhealach ag Trá Bhaile Brigín ar a léirítear na bealaí siúlóide ó thuaidh go Brí Mhór agus ó dheas go hArd Giolláin agus na Sceirí.

Tá tuilleadh eolais maidir le cúrsaí trá le fáil níos faide ar aghaidh.

Howth aerial shot

Siúlóid an Chósta: Binn Éadair trí Chill Fhiontain go Baile Dúill

Overview

Ón gcladach i mBinn Éadair, teigh ag fánaíocht ar do shuaimhneas feadh an chósta fíorálainn sin. Siúl suas go Ceann Bhinn Éadair agus slog isteach an radharc iontach ón mbarr sin. Tar anuas ansin go leibhéal na farraige agus lean ar do bhealach i dtreo Chill Fhiontain taobh leis na haillte fíor-iontacha, Teach Bhaile Scadán agus trá álainn Chuan Bhaile Scadáin. Cad mar gheall ar thimpeall a ghabháil ar an gcé amach go Teach Solais Bhinn Éadair agus ar aghaidh go trá mhór leibhéalta an Choinicéir. Lean an cosán ar imeall Ghalfchúrsa Chill Fhiontain atá lonnaithe in áit fíorshuntasach, agus cuir deireadh le do thuras ar stráice Bhaile Dúill de Bhóthar an Chósta. Read more
Howth walk
Siúlóid an Chósta: Binn Éadair trí Chill Fhiontain go Baile Dúill
Ón gcladach i mBinn Éadair, teigh ag fánaíocht ar do shuaimhneas feadh an chósta fíorálainn sin.
Velvet Strand Beach Portmarnock

Siúlóid an Chósta: Port Mearnóg go Mullach Íde

Overview

Tosaigh amach ar bhóthar cósta Phort Mearnóg, trasna ar thrá Phort Mearnóg agus thar Eaglais Naomh Mearnóg de chuid an 9ú haois. Ar aghaidh leat chuig an Trá Mhín agus lean ar aghaidh thar an Túr Martello chomh fada leis an gCarraig Ard agus an Meán-Charraig gar do Bhallaí Robac, siúlóid eile atá réidh duit chun triail a bhaint aisti. Cuir deireadh le do shiúlóid tar éis Thrá Mhullach Íde a shiúil agus isteach leat go lár an bhaile álainn seo – anois, bíodh caifé nó lón agat chun do ghaisce a cheiliúradh! Read more
Portmarnock Golf Club
Siúlóid an Chósta: Port Mearnóg go Mullach Íde
Tosaigh amach ar bhóthar cósta Phort Mearnóg, trasna ar thrá Phort Mearnóg agus thar Eaglais Naomh Mearnóg de chuid an 9ú haois.
Skerries Square

Siúlóid An Chósta: Na Sceirí

Overview

Tosaigh amach ar Asplanád an Chósta Theas agus lean imeall an chósta timpeall ar an Túr Martello agus thar an gCuan ar aghaidh ar an Trá Thuaidh. Lean an cósta garbh thar Caisleán Ard Giolláin agus Staighre na mBan agus ar aghaidh chuig Trá Bhaile Brigín, áit a bhfeicfidh tú an Túr Martello. Uachtar reoite, aon duine? Read more
Skerries Coast
Siúlóid An Chósta: Na Sceirí
Tosaigh amach ar Asplanád an Chósta Theas agus lean imeall an chósta timpeall ar an Túr Martello agus thar an gCuan ar aghaidh ar an Trá Thuaidh.
Balbriggan

Siúlóidí Cósta - Bhaile Brigín

Overview

Is áit iontach le haghaidh siúlóidí í Trá Bhaile Brigín agus í lán de stair agus radharcanna nádúrtha. Níos faide ar aghaidh ó thuaidh, thar an Túr Martello, feicfidh tú struchtúr maorga Chaisleán Bhrí Mhór ar an taobh clé. Read more
Balbriggan beach
Siúlóidí Cósta - Bhaile Brigín
Is áit iontach le haghaidh siúlóidí í Trá Bhaile Brigín agus í lán de stair agus radharcanna nádúrtha. Níos faide ar aghaidh ó thuaidh, thar an Túr Martello, feicfidh tú struchtúr maorga Chaisleán Bhrí Mhór ar an taobh clé.