Space Invaders - Seimineár agus Féile na nEalaíon Luathbhlianta

Space Invaders - Early Years Arts Seminar & Festival

Agus forbairt á déanamh acu ar rath na chéad féile an bhliain seo caite, bhí an fhoireann Space Invaders ar ais chun togha na n-ealaíon a chur faoi bhráid an phobail in Farmleigh ar 9 agus 10 Bealtaine. Rinneamar ionradh ar na tailte áille de chuid Farmleigh ar feadh tamall gearr chun féile a chur i láthair a chothaigh cruthaitheacht agus folláine. Chuir an clár deiseanna éagsúla ar fáil chun dul i mbun foirmeacha éagsúla ealaíne agus caidreamh a dhéanamh le healaíontóirí sároilte i dtimpeallachtaí compordacha. Bhí an fhéile in 2015 thar a bheith speisialta mar chuireamar Seimineár san áireamh do ghairmithe a oibríonn in earnáil na luath-óige agus dóibh siún in oideachas luathbhlianta sna healaíona.

Dhírigh an seimineár ar 9 Bealtaine ar Artful Dodgers, ar clár uathúil ceoil agus amharcealaíne é atá lonnaithe in dhá sheirbhís naíolainne i bhFine Gall, Ros Eó sa Ros agus Little Learners i mBaile Átha Cliath 15. I gcomhar leis an ealaíontóir Jackie Maguire, soláthraíodh sceideal bríomhar seimineáir. Áiríodh leis cuir i láthair a léirigh an acmhainneacht shaibhir a bhaineann le hoideachas luathbhlianta sna healaíonta, agus taighde a rinneadh i gcomhar le Grúpa Taighde Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath um Oideachas sna hEalaíona. Tháinig Rhona Mathson, Príomhfheidhmeannach Starcatchers, chun roinnt samplaí deachleachtais ó Albain a chur i láthair. Áiríodh lenár bplé painéil ionchuir ón Dr Margaret Rogers ó Tús Níos Fearr, Lisa Kavanagh ó Luath-óige Éireann, agus Seóna Ní Bhriain, Ceannaire Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas le Comhairle Ealaíon na hÉireann.  

Dhírigh an clár do leanaí ar 10 Bealtaine orthu siúd idir 0-5 bliana d'aois amháin agus ar a gcaomhnóirí. Cuireadh léirithe ealaíonta ó gach cearn den domhain ar fáil dóibh. I gcomhar le Cliodhna Noonan ó Acting Up!, cuireadh léirithe ón Bheilg, an Chróit, an Liotuáin, an Ostair agus Éire os comhair an phobail. Tháinig ReCreate agus chuir siad a léiriú 'Warehouse of Wonders' os ár gcomhair, léiriú ina raibh a lán ábhair spraíúil agus neart acmhainneachta. Bhí rud ann do gach duine le tairbhe a bhaint as agus bhí gach duine ábalta páirt a ghlacadh sa cheiliúradh ar na luathbhlianta.

Tá sonraí faoin gClár 2015 sa nasc ceangailte.

Breathnaigh ar ár bhfógra álainn don bhliain 2015: Space Invaders Féile & Seimineár 2015 agus na cuir i láthair léirsteanacha a rinne na healaíontóirí agus na píosaí taighde ag an seimineár in 2015: Artful Dodgers - clár taighde agus ealaíon na luathbhlianta

Cuireadh tús le Space Invaders in 2014.  Díríonn an féile ealaíon luathbhlianta orthu siúd idir 0-5 bliana d'aois amháin agus mar sin is é an chéad cheann dá cineál sa cheantar.  Chuir Space Invaders 2014 am agus acmhainní ar fáil d'ealaíontóirí, leanaí, teaghlaigh agus oideachasóirí teacht le chéile agus tabhairt faoi thuras tábhachtach taiscéalaíochta. Chuir an fhéile rannpháirtithe faoi dhraíocht leis na léirithe agus ceardlanna idirnáisiúnta i suíomhanna éagsúla aoibhne in Farmleigh. Le linn an lae, cuireadh fáilte roimh Oideachasóirí Luath-óige freastal ar cheardlanna bunaithe ar thaithí a ceapadh go sonrach le haghaidh a riachtanais phroifisiúnta. Téann an scannán ar chúl an stáitse chun taifead a dhéanamh ar ullmhú agus soláthar na léirithe agus na gceardlann. Roinneann na healaíontóirí a gcuid taithí agus léargas pearsanta maidir le bheith ag obair leis na daoine is óige inár bpobal: Féile Space Invaders 2014

Íoslódáil an clár do Space Invaders 2015 anseo