Scéim Foilseacháin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014

Tá Scéim Foilseacháin ullmhaithe agus foilsithe ag Comhairle Contae Fhine Gall, maidir le faisnéis na Comhairle, de réir na Samhla agus Treoirlínte arna ndéanamh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Tháinig an Scéim i bhfeidhm an 14 Aibreán, 2016

 

Cuspóir na Scéime:

Tá an Scéim leagtha amach le faisnéis a chur ar fáil, a mhéid agus is féidir, seachas faisnéis atá díolmhaithe faoin Acht. Ag réiteach, ag athbhreithniú nó ag leasú Scéim Foilseacháin di, beidh aird ag an gComhairle ar leas an phobail i ndáil le:

(a)       rochtain phoiblí a thabhairt ar fhaisnéis atá ag Comhairle Contae Fhine Gall;

(b)        cúiseanna a bhí le cinntí a rinne Comhairle Contae Fhine Gall a fhoilsiú;

(c)        faisnéis ábhartha nó faisnéis a théann chun leasa an phobail i ndáil lena

gníomhaíochtaí agus a feidhmeanna go ginearálta a fhoilsiú.

Leagan Amach na Scéime agus Rochtain:

Tá faisnéis faoin Scéim ar fáil ar líne agus naisc ann chuig sé cinn de cheannteidil a ndéanfar nuashonrú orthu, faoi mar a leagtar amach san Acht. 

Na Sé Cheannteideal:

Tabharfar faisnéis de réir na gceannteideal seo a leanas:

A.         Faisnéis faoi Chomhairle Contae Fhine Gall

B.         Feidhmeanna agus seirbhísí poiblí a sholáthraítear nó atá le soláthar 

C.         Nósanna imeachta a bhaineann le cinntí a dhéanamh    

D.        Faisnéis airgeadais  

E.         Soláthar 

F.         Faisnéis a fhoilsítear go rialta agus faisnéis den uile chineál 

 

A.         Eolas faoi Chomhairle Contae Fhine Gall

Cé sinn féin, céard a dhéanaimid, eolas faoin eagraíocht; struchtúir, láithreacha agus teagmhálaithe.

1.         Bunú na hEagraíochta –  Eolas faoi Fhine Gall: : Comhairle Contae Fhine Gall

2.         Róil - Nasc chuig PDF dar teideal Prionsabail Rialachais/Creat

3.         Freagrachtaí - Nasc chuig PDF dar teideal Prionsabail Rialachais/Creat

4.         Feidhmeanna - Nasc chuig PDF dar teideal Prionsabail Rialachais/Creat

5.         Socruithe rialachais Na Comhairleoirí i do Cheantarsa : : Comhairle Contae Fhine Gall

6.         Socruithe bainistíochta Struchtúr na hEagraíochta : : Comhairle Contae Fhine Gall

7.         Pleananna agus Straitéisí Corparáideacha  Plean Corparáideach : : Comhairle Contae Fhine Gall  Plean Bliantúil Seachadta Seirbhíse, 2015 : : Comhairle Contae Fhine Gall

8.         Tuarascáil Bhliantúil  Tuarascáil Bhliantúil : : Comhairle Contae Fhine Gall

9.         Struchtúr na hEagraíochta Struchtúr na hEagraíochta : : Comhairle Contae Fhine Gall

10.       Struchtúir Phá/Ghrádála  Struchtúir Ghrádála Pá

11.       Láithreacha agus sonraí teagmhála na heagraíochta Eolas faoi Fhine Gall : : Comhairle Contae Fhine Gall

12.       Naisc chuig gníomhaireachtaí/comhlachtaí eile a thagann faoi scáth Chomhairle Contae Fhine Gall 

13.       Sonraí na gComhaontuithe Leibhéil Seirbhísí/Meabhrán Tuisceana

  • Tá Comhaontú Leibhéil Seirbhísí (SLA) ag Comhairle Contae Fhine Gall le hUisce Éireann maidir le huisce agus seirbhísí uisce dramhaíola a chur ar fáil. Déantar foráil don SLA san Acht um Sheirbhísí Uisce (uimhir 2), 2013, mar aon le huisce agus seirbhísí uisce dramhaíola a chur ar fáil go háitiúil i gcomhar le hUisce Éireann.
  • Tá Comhaontú Leibhéil Seirbhísí (SLA) ag Comhairle Contae Fhine Gall le Fiontraíocht Éireann maidir leis an Oifig Fiontair Áitiúil a chur ar fáil.  Déantar foráil don SLA seo san Acht um Bhoird Fiontair Chontae  (Díscaoileadh) 2014 agus soláthraíonn seirbhísí faoi na ceithre cheannteideal seo a leanas: Faisnéis Ghnó agus Seirbhísí Comhairleoireachta; Seirbhísí Tacaíochta Fiontair; Seirbhísí Tacaíochta Fiontraíochta, agus Seirbhísí Forbartha Fiontair Áitiúil.

14.       Cairteacha Custaiméirí Cairt Saoránach : : Comhairle Contae Fhine Gall

15.       Cóid Chleachtais nó Treoirlínte  Creat Prionsabal don Earnáil Rialtais Áitiúil

 

B.      Seirbhísí a Sholáthraítear nó atá le soláthar don Phobal

Na seirbhísí a thairgimid, sonraí ar fheidhmeanna agus ar sheirbhísí Chomhairle Contae Fhine Gall agus an próiseas cinnteoireachta.

1.         Seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal, lena n-áirítear achtú/scéim a riar - A-Z d'Innéacs na Seirbhísí 

2.         Conas is féidir leas a bhaint as seirbhísí dá leithéid  - Mapa láithreáin : Comhairle Contae Fhine Gall

3.         Cé mhéad a chosnaíonn sé leas a bhaint as seirbhísí dá leithéid, más ann do chostas - Mapa láithreáin : Comhairle Contae Fhine Gall

4.         Seirbhísí dá leithéid a riar - Mapa láithreáin : Comhairle Contae Fhine Gall

5.         Cearta a bhaineann le seirbhísí dá leithéid a athbhreithniú nó a achomharc - Cairt Saoránach : : Comhairle Contae Fhine Gall ;  Saoráil Faisnéise : : Comhairle Contae Fhine Gall

6.         Tionscadail taighde ar tugadh fúthu i ndáil leis na feidhmeanna / seirbhísí sin

 

C.      An próiseas Cinnteoireachta do mhórmholtaí beartais

Mar a dhéanaimid cinntí maidir le beartais: Próisis Chinnteoireachta agus taifid ar chinntí

Sa roinn seo, cuireann comhlachtaí FOI sonraí ar fáil maidir le:

  1. Mórmholtaí beartais, lena n-áirítear aon imeachtaí comhairliúcháin phoiblí  - Brabhsáil comhairliúcháin | Tairseach Comhairliúcháin Idirlín na Comhairle Contae        
  2. Faisnéis ar an gcúlra a bhaineann le mórmholtaí beartais agus cinntí – Brabhsáil comhairliúcháin | Tairseach Comhairliúcháin Idirlín Chomhairle Contae Fhine Gall       

     3.    Tuarascálacha ar fheidhmiú seirbhísí poiblí ag Comhairle Contae Fhine Gall  

      4.   Athbhreithnithe ar chaiteachais

      5.   Measúnuithe ar Bheartais

 

D.        Faisnéis airgeadais

An méid a chaithimid: Faisnéis airgeadais a bhaineann le hioncam agus le caiteachas

Cuireann comhlachtaí FOI an fhaisnéis seo a leanas ar fáil sa chuid seo:

1.         Ráitis airgeadais  - Caiteachas  Buiséad agus Ráitis Airgeadais : : Comhairle Contae Fhine Gall

2.         Mórphleananna don tSeirbhís Leabharlainne Caiteachais Chaipitil - Caiteachas  Buiséad agus Ráitis Airgeadais : : Comhairle Contae Fhine Gall

3.         Íocaíochtaí nó Orduithe Ceannaigh ar earraí agus seirbhísí  - Caiteachas Buiséad agus Ráitis Airgeadais  : : Comhairle Contae Fhine Gall

4.         Luach saothair Bhaill an Bhoird Rialachais Caiteachas Buiséad agus Ráitis Airgeadais : : Comhairle Contae Fhine Gall

5.         Maoiniú/Urraíocht comhlachtaí neamhphoiblí

Sonraí ar mhaoiniú/urraíocht ón 14/04/16 le foilsiú go luath amach anseo.

 

E.       Soláthar (Cliceáil ar Soláthar chun teacht ar Fhaisnéise ar na Nithe thíos.)

Mar a chaithimid: Faisnéis maidir leis an mbealach a bhfaighimid earraí agus seirbhísí

Cuireann comhlachtaí FOI an fhaisnéis seo a leanas ar fáil sa chuid seo:

1.Beartais Fála - Caiteachas Buiséad agus Ráitis Airgeadais : : Comhairle Contae Fhine Gall

2. Nasc chuig gach comórtas reatha soláthair ar láithreán gréasáin eTenders - Fáilte chuig láithreán gréasáin soláthair eTenders

3. Conarthaí poiblí a dhámhtar, lena n-áirítear an cineál conartha, luach, dáta na dámhachtana, fad agus cur síos gairid (i bhfoirm tábla); breis agus €10k do ICT agus breis agus €25k do chonarthaí eile – faisnéise faoi dhámhachtainí le nuashonrú gach mí ón Dáta Foilsithe

Sonraí ar mhaoiniú/urraíocht a dámhadh ón 14/04/16 le foilsiú go luath amach anseo.

 

F.       Cuntas Nochta FOI agus Faisnéis Eile atá le Foilsiú Go Rialta

Faisnéis eile: 

       1.         Cuntas Nochta FOI

                   Sonraí ar Chuntas Nochta FOI ón 14/04/16 le foilsiú go luath amach anseo.

      2.          Tuarascálacha

      3.         Foilseacháin tráchtála agus costais ghaolmhara  Foilseacháin Leabharlainne

      4.         Faisnéis atá ag an gcomhlacht a lorgaítear go minic - Preasráitis : : Comhairle Contae Fhine Gall

 

Tuilleadh Eolais: 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Scéim Foilseacháin, glaoigh ar an Oifig um Shaoráil Faisnéise ag (01) 890 5162 nó seol ríomhphost chuig [email protected]

An 14ú Aibreán, 2016.