An Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC) - Eolas do Thiarnaí Talún

An bhfuil réadmhaoin agat i gceantar Fhine Gall? Tá réadmhaoin throscánaithe atá ar ard-chaighdeán á lorg againn lena n-úsáid inár Scéim Cóiríochta Cíosa.

Tá dhá chineál conartha ar fáil faoin Scéim Cóiríochta Cíosa i bhFine Gall: Conarthaí gan Áitiú agus Conarthaí In Situ.

Conarthaí gan Áitiú 

(Ar fáil d’úinéirí réadmhaoine nach bhfuil acu ach réadmhaoin gan áitiú)

Tugtar Conarthaí gan Áitiú le haghaidh 6 bliana nó le haghaidh 10 mbliana, agus rathófar ioncam iomaíoch ó chíos ar feadh thréimhse an chonartha. Déantar athbhreithniú ar chíos ar na conarthaí 6 bliana agus 10 mbliana gach ré bliain. Is ag Comhairle Contae Fhine Gall amháin atá na cearta ainmniúcháin maidir le conarthaí gan áitiú. 

Glactar le réadmhaoin gan áitiú ar an scéim, faoi réir téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear:

  • Go bhfanfaidh Tiarnaí Talún ionchasacha cáin-chomhlíontach le linn thréimhse an chonartha.
  • Go ndéanfar iniúchadh ar an réadmhaoin lena chinntiú go bhfuil na Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2008 (arna leasú in 2009) á gcomhlíonadh.
  • Go n-íocfaidh an t-údarás áitiúil an cíos go díreach chuig an tiarna talún, roimh ré agus ar bhonn míosúil.

Conarthaí In Situ

(Ar fáil do thiarnaí talún a bhfuil tionóntaí incháilithe in situ acu)

Tá conarthaí In Situ ar fáil le haghaidh 6 bliana agus rathófar ioncam iomaíoch ó chíos chomh fada agus a bhfanann an tionónta in situ sa réadmhaoin. Má fhágann tionónta in situ an réadmhaoin laistigh de thréimhse an chonartha, rachaidh an conradh in éag agus tabharfar seilbh ghlan don tiarna talún.

Glactar le réadmhaoin In Situ ar an scéim, faoi réir téarmaí & coinníollacha, lena n-áirítear:

  • Riachtanais tithíochta na dtionóntaí in situ.
  • Go bhfuil liúntas cíosa á fháil ag na tionóntaí ar feadh 18 mí nó níos faide.
  • Go bhfuil na tionóntaí ceadaithe ar Liosta Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall.
  • Go bhfanann an tiarnaí talún cáin-chomhlíontach le linn thréimhse an chonartha.
  • Go n-íocann an t-údarás áitiúil an cíos go díreach chuig an tiarna talún, roimh ré agus ar bhonn míosúil. 
  • Go n-íoctann na tionóntaí cíos difreálach (12% dá n-ioncam) don údarás áitiúil.
  • Go bhfanann an caidreamh tiarna talún/tionónta i bhfeidhm.

Tá breis eolais maidir leis an scéim le fáil ar ár ndoiciméad  Ceisteanna Coitianta do Thiarnaí Talún maidir leis an Scéim Cóiríochta Cíosa agus má tá ceist ar bith agat níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh linn. Tá ár sonraí teagmhála luaite ag bun an leathanaigh seo. 

 

Doiciméid 

Ceisteanna Coitianta do Thiarnaí Talún maidir leis an Scéim Cóiríochta Cíosa

Ceisteanna Coitianta do Thionóntaí maidir leis an Scéim Cóiríochta Cíosa

Déan teagmháil linn

Ríomhphostl:  [email protected] " rel="nofollow"> [email protected]
Teileafón: (01) 8708425