Reiligí stairiúla

Tá 54 reilig stairiúla i bhFine Gall agus is cuid mhór d’oidhreacht an chontae iad. Tá go leor acu fós in úsáid. Tá baint ag roinnt acu mar Lusca, Shord, St Douloughs agus an Ghreallach le naoimh agus tá siad in úsáid ó na tréimhsí is luaithe den Chríostaíocht. Is reiligí paróiste meánaoiseacha cinn eile acu mar Chlochrán, Inis Pádraig agus Mullach Eadrad. Bíonn fothraigh eaglaise, toibreacha beannaithe agus leaca uaighe spéisiúla i gcuid mhaith acu. Níor dúnadh isteach na reiligí ársa seo go dtí an 19ú haois déag agus dá bhrí sin tá seans ann go bhféadfaí adhlacthaí a aimsiú níos faide ó bhaile ná ballaí na reilige mar atá faoi láthair.

Tionscadal Reiligí Stairiúla Fhine Gall

In 2008 rinne an Oifig Oidhreachta coimisiúnú ar Thionscadal Reiligí Stairiúla Fhine Gall. Is é aidhm an tionscadail measúnú agus soláthar a dhéanamh ar na reiligí stairiúla agus sonraí bonnlíne a sholáthar mar threoir dá gcosaint.

Fingal Historic Graveyards Project Volume 1

Fingal Historic Graveyards Project Volume 2 

Cosaint na Reiligí Stairiúla

Is séadchomharthaí seandálaíochta taifeadta freisin iad beagnach gach ceann de reiligí stairiúla Fhine Gall agus tá cosaint acu de réir na reachtaíochta. Bheadh fonn ort nuair a fheiceann tú reiligí ag dul i bhfiántas nó nuair is léir go dteastaíonn obair dheisiúcháin uathu rud éigin a dhéanamh faoi tú féin ach fiú mura ndéanfá ach eidhneán a tharraingt den bhalla d’fhéadfadh tionchar díobhálach tromchúiseach a bheith aige sin. Ba cheart scéimeanna chun reiligí a ghlanadh agus a chothabháil a phleanáil i gceart agus ba cheart sainchomhairle a lorg maidir leo.

 

Care and Conservation of Graveyards

Guidance for the Care Conservation and Recording of Historic Graveyards

Irelands Historic Churches and Graveyards 

Ruins - The Conservation and Repair of Masonary Ruins (2010)