Plean Caomhantais Chaisleán Shoird

Tógadh Caisleán Shoird mar áras cónaithe d’Ard-Easpaig Bhaile Átha Cliath sa tríú haois déag. Is é an teach easpagach meánaoiseach is fearr a mhaireann in Éirinn é, a léiríonn ar a laghad 500 bliain d’fhorbairt, agus is Séadchomhartha Náisiúnta é. Foilsíodh Plean Caomhantais Chaisleán Shoird le dul i ngleic le réimse buarthaí maidir le caomhnú agus le cosaint an chaisleáin, chun gur féidir an caisleán a athbheochan agus a chur i láthair an phobail ionas go n-aithneofar a shuntasacht níos leithne.  Foilsíodh an Plean Caomhantais ar an 9 Meán Fómhair 2014.