An Tionscnaimh Sráideanna Scoile tugtha isteach ag Comhairle Contae Fhine Gall

 

Tionscnamh nua chun sábháilteacht agus folláine dhá bhunscoil i Mullach Íde a fheabhsú.

Cycle Bus Kids

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt isteach Sráideanna Scoile, tionscnamh chun sábháilteacht agus folláine daltaí atá ag freastal ar dhá bhunscoil i Mullach Íde a fheabhsú.

Leis an tionscnamh seo, a reáchtálfar ar bhonn píolótach é, feicfear cuid de Bhóthar an Gharráin lasmuigh de Bhunscoil Naomh Oilibhéar Pluincéid tiontaithe ina chrios do choisithe agus rothaithe, saor ó charranna ar bhonn sealadach, ar an 18 Samhain chun spás níos sábháilte, níos glaine atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a chruthú taobh amuigh den scoil.

Is é an tionscnamh seo an chéad cheann dá leithéid a bheith curtha i bhfeidhm ag aon údarás áitiúil in Éirinn agus rinne Coiste Ceantair Bhinn Éadair-Mhullach Íde é a fhaomhadh ag an gcruinniú a tionóladh ar an 6 Samhain.

Táthar chun an scéim Sráideanna Scoile a chur i bhfeidhm mar gheall ar na dúshláin tráchta atá ann faoi láthair timpeall ar Bhunscoil Naomh Pluincéid agus Bhunscoil Naomh Aindriú, atá lonnaithe in aice le Bóthar an Gharráin agus Bóthar na hEaglaise, faoi seach.

I measc na ndúshlán atá i gceist a d’fhéadfadha tharlú, áirítear an plódú ag geata na scoile,  chomh maith leis an bpáirceáil neamhshábháilte, cosáin a bheith blocáilte, rioscaí sábháilteachta bóthai mar gheall ar fheithiclí a bheith ag gluaiseacht timpeall, leanaí a bheith neamhchosanta don truailliú aeir iomarcach, agus leanaí a bheith ag brath iomarca ar charranna agus gan a bheith aclaí go leor.

Leis an tionscnamh seo, cuirfear crios coisithe ar fáil ar Bhóthar an Gharráin, áit a mbeidh rochtain ar fheithiclí chuig an chuid seo den bhóthar srianta le linn amanna fágála agus bailithe na scoile. Is iad na hamanna feidhme ná 8:30-9: 15am agus 1:00-2:45pm, Luan go hAoine, i rith an téarma scoile amháin.

I measc na ndíolúintí a bhaineann le Sráideanna Scoile, áirítear sealbhóirí Suaitheantais Mhíchumais, más rud é go bhfuil siad ina gcónaí laistigh den chrios, agus cónaitheoirí a bhfuil ceadú páirceála acu agus atá ina gcónaí ar Bhóthar an Gharráin, idir Bóthar na hEaglaise agus an Aird. Beidh múinteoirí Scoil Naomh Oilibhéar Pluincéid ann ag an scoil sula dtosaíonn an lá scoile ag 8:30 r.n.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Eoghan O'Brien: “Is plean uaillmhianach é an tionscnamh Sráideanna Scoile. Níl staid cúrsaí maidir leis an trácht a bhíonn taobh amuigh de scoileanna Naomh Aindriú agus Naomh Oilibhéir Phluincéid faoi láthair na huaireinbhuanaithe, agus tá an acmhainneacht ag an scéim seo go mbainfear an-rath amach léi agus go mbeidh an-bhuntáiste le buachan ar mhaithe le gach aon duine sa phobal. Má éiríonn leis an gclár píolótach seo, measaim féin gurbh fhéidir go gcuirfear Sráideanna Scoile i mbun in áiteanna eile i ngach cearn d’Fhine Gall timpeall ar scoileanna reatha agus scoileanna nua araon.

“Táim ag iarraidh ar na páirtithe leasmhara uile - idir thuismitheoirí, leanaí, chónaitheoirí agus ghnólachtaí tacú leis an tionscnamh seo. Tá an staid atá ar chúrsaí timpeall ar ár scoileanna faoi láthair na huaireanta neamh-inbhuanaithe amach is amach agus ní mór dúinn ár n-iompraíochtaí a oiriúnú chun oibriú i dtreo slí nua, sábháilte agus inbhuanaithe chun rudaí a dhéanamh. Tá áthas orm go mbeidh Mullach Íde ag tabhairt an cheannaireacht maidir leis an scéim seo, agus an chéad Thionscnamh de chuid Sráideanna Scoile in Éirinn curtha i bhfeidhm ann. Tá sé cruthaithe go n-oibríonn an cur chuige seo go han-mhaith i dtíortha eile agus má thugann gach aon duine tacaíocht di, féadfar dúinn é a chur i gcrích go rathúil.”

Dúirt Stiúrthóir na nOibríochtaí i gComhairle Contae Fhine Gall, David Storey: “Tá an tionscnamh seo á thabhairt isteach chun dul i ngleic leis na saincheisteanna suntasacha a bhaineann leis an tsábháilteacht tráchta timpeall ar Bhunscoile Naomh Oilibhéar Pluincéid agus Bunscoil Naomh Aindriú. Creidimid go laghdóidh an scéim seo na rioscaí a bhaineann leis an trácht ar bhóithre lasmuigh de na scoileanna tar éis dúinn dul i mbun comhairle leis na páirtithe leasmhara uile, agus go mbeifear in ann timpeallacht níos sábháilte, níos glaine, níos glaise agus níos sláintiúla a cur ar fáil do leanaí agus dá dtuismitheoirí ag an am céanna.”

Cuirfear áiseanna Páirceála & Siúil Saor in Aisce ar fáil do thuismitheoirí agus do leanaí a fhreastalaíonn ar aon cheann den dá scoil ag Carrchlós Bridge Field, Carrchlós an Chúlbhóthair agus Carrchlós Seabanks nach bhfuil ach shiúlóid 10 go 15 nóiméad ó na scoileanna, ar a mhéad. Eiseofar ceadanna páirceála do thuismitheoirí uile dhaltaí Scoil Naomh Oilibhéar Pluincéid chun páirceáil a éascú i Mullach Íde le linn na n-amanna fágála agus bailithe.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis dul i mbun comhairle forleathan i gcomhar le páirtithe leasmhara agus leanfar orthu plé a dhéanamh leo le linn na trialach chun a fháil amach an bhfuil aon choigeartú nó oiriúnú ag teastáil le linn na scoilbhliana. Má éiríonn leis an scéim thrialach seo, leathnófar an tionscnamh amach chuig scoileanna eile i bhFine Gall ina mbeadh sé oiriúnach.

Is iad an Garda Síochána agus maoir pháirceála Chomhairle Contae Fhine Gall a dhéanfaidh an tionscnamh Sráideanna Scoile a fhorfheidhmiú agus gearrfar fíneálacha ar sháruithe in aghaidh na scéime.

Chun an tionscnamh seo, Sráid na Scoile, a éascú, agus tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal, rinneadh athbhreithniú ar an gcóras aonbhealaigh 24/7 a bhí beartaithe ar an gcéad dul síos, agus ina ionad sin táthar chun Cosc ar Chasadh ar Dheis/Cosc ar Chasadh ar Chlé a chur i bhfeidhm ón Meal amach ar an Ard le linn uaireanta feidhme na scéime i rith an téarma scoile amháin.

Cuirfear tús le Sráideanna Scoile ar an 18 Samhain agus seolfar an tionscnamh go hoifigiúil ar an 25 Samhain.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an scéim seo léigh an tuarascáil atá faoi iamh anseo le do thoil.